Oibreacha Deisiúcháin Easanna agus Seachchainéal Éisc i bPáirc Réigiúnach Abhainn an Bharda le Tosú.

Cascades Ward River Regional Park

Íoslódáil pdf ardtaifigh den íomhá thuas

Tá oibreacha le tosú ar Limistéar Loch Uiséir de Pháirc Réigiúnach Abhainn an Bharda Dé Luain an 1ú Iúil. Tá sé mar aidhm ag na hoibreacha seachchainéal a chruthú d’Abhainn an Bharda a ligfidh do speicis inimirceach éisc dul go dtí na codanna sin den abhainn suas an abhainn ó Loch Uiséir. Áireofar ar na hoibreacha frieisin an ghné íocónach “Easanna” a dheisiú agus raon gaolmhar de struchtúir stairiúla sa pháirc.

Mar gheall ar na hoibreacha, beidh gá le cosáin a dhúnadh go sealadach agus beidh malairtí slí i bhfeidhm. Cruthaíonn dul isteach i limistéar oibreacha guais shuntasach do dhaoine, d’úsáideoirí páirce eile agus don chonraitheoir chomh maith le bheith ina chúis do mhoilleanna ar an gclár oibreacha. Tá sé riachtanach go mbeadh meas ag gach úsáideoirí páirce ar an bhfál teorainn curtha in airde ag an gconraitheoir agus nach gcuirfidh siad isteach air. Táthar ag súil go dtógfaidh sé thart ar shé mhí chun an chéim chasta seo de na hoibreacha a dhéanamh.  

Tá na hoibreacha mar chuid de Thionscadail leanúnacha Forbartha Pháirc Réigiúnach Abhainn an Bharda agus Athchóirithe Abhainn an Bharda. Is é an aidhm atá ag Tionscadal Forbartha Pháirc Réigiúnach Abhainn an Bharda ná Páirc Réigiúnach Abhainn an Bharda atá feabhsaithe go mórmhór a chruthú a chlúdóidh achar 80 heicteár (200 Acra) idir lár bhaile Shoird agus Droichead Chnoc Siáin. Creideann Comhairle Contae Fhine Gall go gcabhróidh seachadadh Thionscadal na Páirce Réigiúnaí le freastal ar éilimh dhaonra atá ag fás sa bhaile contae chomh maith le ceann scríbe tarraingteach a chur ar fáil do chuairteoirí go Sord.

Cuirfidh Tionscadal Athchóirithe Abhainn an Bharda sraith beart i bhfeidhm a mbeidh sé mar aidhm acu cur le caitheamh aimsire amuigh faoin aer, bithéagsúlacht, cáilíocht uisce agus an taitneamhacht amhairc feadh Abhainn an Bharda i Sord idir Droichead Chnoc Siáin agus an cumar le hAbhainn an Mhóinéir Leathain, fad de 4.5 ciliméadar.