Oibreacha riachtanacha curtha i gcrích ag Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall chun an soláthar uisce i mBaile Brigín a chosaint

Ba mhaith le hUisce Éireann agus Contae Comhairle Fhine Gall buíochas a ghabháil le custaiméirí as a gcuid foighne agus an obair seo á déanamh. Má tá aon cheist ag custaiméirí maidir lena soláthar uisce is féidir leo teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach cúram custaiméirí Uisce Éireann, a oibríonn 24/7. Is féidir teagmháil a dhéanamh ar an bhfón ar 1850 278 278 agus ar Twitter @IWCare.

Water taps

Tá oibreacha riachtanacha curtha i gcrích ag Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall chun an soláthar uisce do thithe agus do ghnólachtaí i mBaile Brigín a chosaint. Tá príomhphíobán uisce nua ó Bhaile Shiurdáin go Baile Brigín ceangailte agus tá sé ag feidhmiú anois. Níl aon srianta breise beartaithe i mBaile Brigín thar dheireadh seachtaine na Cásca agus bainfidh custaiméirí leas as soláthar uisce níos sláine mar thoradh ar na hoibreacha seo.

Ba mhaith le hUisce Éireann agus Contae Comhairle Fhine Gall buíochas a ghabháil le custaiméirí as a gcuid foighne agus an obair seo á déanamh. Má tá aon cheist ag custaiméirí maidir lena soláthar uisce is féidir leo teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach cúram custaiméirí Uisce Éireann, a oibríonn 24/7. Is féidir teagmháil a dhéanamh ar an bhfón ar 1850 278 278 agus ar Twitter @IWCare.

Tá Uisce Éireann ag obair lenár gcomhpháirtithe údaráis áitiúil, conraitheoirí agus daoine eile chun sláinte agus folláine na gcomhaltaí foirne agus an phobail a chosaint agus chun leanúnachas seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce a chinntiú.