Oifig Spóirt Fhine Gall ag Féile Samhraidh Níos Sábháilte le Chéile

Bhí áthas mór ar Oifig Spóirt Fhine Gall páirt a ghlacadh i bhFéile Samhraidh Níos Sábháilte le Chéile i bPáirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir, Dé Satharn an 8 Meitheamh. Chuir an imeacht seo lena rabhthas go mór ag súil lá lánspleodair na siamsaíocht agus ngníomhaíochtaí an oideachais ar fáil arnan dearadh chun críche na sábháilteachta agus aontacht an phobail a chur chun cinn.

Safer together Blanchardstown 3x3 basketball

Bhí áthas mór ar Oifig Spóirt Fhine Gall páirt a ghlacadh i bhFéile Samhraidh Níos Sábháilte le Chéile i bPáirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir, Dé Satharn an 8 Meitheamh. Chuir an imeacht seo lena rabhthas go mór ag súil lá lánspleodair na siamsaíocht agus ngníomhaíochtaí an oideachais ar fáil arnan dearadh chun críche na sábháilteachta agus aontacht an phobail a chur chun cinn.

Chuaigh Féile Samhraidh Níos Sábháilte le Chéile níos faide ná an tsiamsaíocht amháin a chur ar fáil Thug sé deis do chónaitheoirí bailiú lena chéile, spiorad an phobail a chothú, agus foghlaim faoi chleachtais riachtanacha na sábháilteachta. D’éirigh leis an imeacht naisc níos láidre a chothú i measc comharsana agus chuir sé ardán ar fáil chun na saincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte an phobail a phlé.

Safer together Blanchardstown

Dúirt Phillip Jennings, eagraí Baile Bhlainséir Níos Sábháilte, “Chuir sé an-áthas orainn Féile Samhraidh Níos Sábháilte le Chéile a óstáil arís. Is teist é an t-imeacht seo ar an ngealltanas againne do phobal níos sábháilte ar nasc níos airde a chruthú. Bhí láthas orainn an oiread sin teaghlach a fheiceáil ag teacht isteach linn le haghaidh lá na craice, ma foghlama agus an chairdis a cheilliuradh.”

Chomh maith le seastán faisnéise a óstáil, d’éascaigh an Oifig Spóirt mionchomórtas blitz na peile do chlubanna na háité, comórtas cispheile 3x3, agus taispeántais parkour a reáchtáil. Le cúnamh ón oifigeach forbartha áitiúil an CCFG/CPÉ, ghlac foirne ó chlubanna Corduff FC, Castleknock FC, Clonad United, Hartstown Huntsown FC agus CLG Naomh Mochta páirt i mionchomórtas blitz na peile faoi bhun 7. I gcás roinnt foirne, ba é seo an chéad uair acu ag imirt cluichí eagraithe, agus bhain sian an -aitneamh as.

Safer together Blanchardstown Football

Thug comórtas 3x3 Cispheil Éireann foirne ó gach aird Fhine Gall san iomaíocht i gcatagóirí na mbuachaillí agus na gcailíní faoi bhun 14 agus na bhfear sinsearach. Ba chumas den scoth a bhí ar taispeáint , agus an iomaíocht thar a bheith fíochmhar. Ghlac baill de Gharda Síochána na háite fiú páirt sa chomórtas  agus rinne siad iarracht ar chaithimh trí phointe a chur isteach!

Safer together Blanchardstown 3x3 Basketball with Gardai

Tá pobal gníomhach an parkour ag feidhmiú i mBaile Átha Cliath le roinnt áiteanna, lena n-áirítear Páirc na Mílaoise, agus le roinnt grúpaí an-ghóthach leis an disciplín. Baineann Parkour, ar a dtugtar saor-reachaíocht freisin, le nascleanúint trí thimpeallachtaí uirbeacha agus úsáid á bhaint as gluaiseachtaí ar nós reathaíochta, léime, dreapadóireachta agus tiontaíochta. Tháinig Parkour Bhaile Átha Cliath istach ar an lá chun a gcuid scileanna gleacaíochta a léiriú. Chuir siad iontas ar lucht na féile lena gcuid léimeanna, ghleacaíochta agus chleasanna á léiriu acu. Beidh Dublin Parkour ar ais linn ag Féile Blasanna Fhine Gall, Teach an Droichid Nua, Domhnach Bat ar an 29 agus an 30 Meitheamh mar aon le neart gníomhaíochtaí eile don teaghlach ar fad. Bí cinnte cuait a thabhairt orainn i mbanrach an Taistil Gníomhaigh agus an Spóirt.

Safer together Blanchardstown Parkour