Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn do Cheirtleán Bhaile Átha Cliath 2024 - 2028
Tá an Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn ríthábhachtach chun a chinntiú go mbainfimid amach aidhmeanna agus cuspóirí na Treorach um Thorann Comhshaoil, go gcomhlíontar beartas náisiúnta agus go dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna áitiúla torainn comhshaoil.
Tá an Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn ríthábhachtach chun a chinntiú go mbainfimid amach aidhmeanna agus cuspóirí na Treorach um Thorann Comhshaoil, go gcomhlíontar beartas náisiúnta agus go dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna áitiúla torainn comhshaoil.
Faoi Threoir um Thorann Comhshaoil de chuid an Aontais Eorpaigh, a tugadh isteach i ndlí na hÉireann trí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Torann Comhsaoil) 2018 (arna leasú), tá gá le Pleananna Straitéiseacha Torainn agus Pleananna Gníomhaíochta in aghaidh Torainn a dhéanamh nó a athbhreithniú gach cúig bliana.
Ullmhaíodh Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn do Cheirtleán Bhaile Átha Cliath 2024 - 2028 i gcomhpháirt ag údaráis áitiúla Cheirtleán Bhaile Átha Cliath (Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Comhairle Chontae Chill Mhantáin agus Comhairle Contae Chill Dara).
Tá an plean bunaithe ar na Léarscáileanna Torainn Straitéiseacha a ullmhaíodh do Cheirtleán Bhaile Átha Cliath i 2022 agus a chlúdaíonn foinsí torainn comhshaoil a bhaineann le hiompar (bóthar agus iarnród) agus tionscail.
Tar éis tréimhse chomhairliúcháin leis an bpobal agus páirtithe leasmhara i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine 2024, tugadh an Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn chun críche faoin 18ú Iúil 2024, i gcomhréir le ceanglais reachtúla, agus tá sé foilsithe anois ar láithreáin ghréasáin na n-údarás áitiúil de chuid Cheirtleán Bhaile Átha Cliath.
Is féidir na Léarscáileanna Torainn Straitéiseacha agus Plean deiridh Gníomhaíochta in aghaidh Torainn do Cheirtleán Bhaile Átha Cliath 2024 – 2028 a fheiceáil anseo: Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn do Cheirtleán Bhaile Átha Cliath 2024 go 2028