Ráiteas na Comhairle i leith an chomórtais bogliathróide i bPairc Naomh Caitríona

RÁITEAS

5 Nollaig 2022

Ciallaíonn an tréimhse ghairid nach féidir linn na háiseanna a thógáil um chomórtas idirnáisiúnta bogliathróide na bliana 2023

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall in iúl do Fastpitch Ireland agus do Bhogliathróid Éireann go bhfuil an tréimhse ama ró-ghairid le haghaidh  na n-áiseanna riachtanacha a chur ar fáil i bPáirc Naomh Caitríona, Leamhcán, don chomórtas idirnáisiúnta bogliathróid na mban i mí Meithimh seo chugainn.

Ghlac an Chomhairle ar dtús tacú le hóstáil na hócáide ar shuíomh úrnua i bPáirc Naomh Caitríona agus, i dteannta leis an dá eagraíocht, chaith sí roinnt míonna beaga anuas ag scóipeáil na riachtanas.

Tar éis a leithéid birt a reáchtáil, glacadh nach raibh an dóthain ama ar fáil chun mionphróiseas an dearaidh, na pleanála, an tsoláthair agus na tógála, a d'íocfadh an Chomhairle as a costas féin, a chríochnú.

Leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh leis an idirphlé aici le Fastpitch Ireland agus le Bogliathróid Éireann maidir le hionad buan a chur ar fáil don bhogliathróid i bPáirc Naomh Caitríona agus tá sí geallta fós do phatrúin rannpháirtíochta fadsaoil a chruthú do chách sa spórt agus san aclaíocht.