Seachtaine Soghluaiseachta Eorpaí - rothar leictreach lastais

Mayor on  eCargo Bike

Le linn na Seachtaine Soghluaiseachta Eorpaí seo, ghlac Méara Fhine Gall, Cllr Brian McDonagh seilbh ar rothar leictreach lastais dá théarma in oifig. Tá an tionscnamh nuálaíoch seo mar chuid de thiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall chun Taisteal Gníomhach agus iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus astaíochtaí carbóin a laghdú.

Trí úsáid a bhaint as rothar leictreach lastais le haghaidh dualgais oifigiúla, léireoidh an Méara ceannaireacht na Comhairle maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, agus ag an am céanna  tabharfaidh sé dea-shampla don phobal. Bainfear úsáid as an rothar leictreach lastais chun críocha éagsúla, lena n-áirítear freastal ar chruinnithe na Comhairle, imeachtaí agus gnó oifigiúil eile a dhéanamh.

Mobility Week - eCargo bike group photo

Dúirt Méara Fhine Gall Brian McDonagh go raibh sé “bródúil as a bheith ag glacadh le todhchaí níos glaise. Trí úsáid a bhaint as rothar leictreach lastais chun mo lorg carbóin a laghdú agus iompar inbhuanaithe a chur chun cinn, tabharfar dea-shampla agus léireoidh sé tiomantas na Comhairle do thionscnaimh Gníomhaíochta Aeráide agus Taistil Ghníomhaigh.”

Tá an tionscnamh seo ag teacht le hiarrachtaí níos leithne Chomhairle Contae Fhine Gall chun a lorg carbóin a laghdú agus úsáid feithiclí leictreacha a chur chinn cinn. Trí úsáid a bhaint as rothar leictreach lastais, beidh an Méara ag cur le timpeallacht níos glaine agus níos sláintiúla.

Dúirt David Storey, Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide, Taistil Ghníomhaigh agus Spóirt ag Comhairle Contae Fhine Gall, “Tá fíoráthas orainn ár Méara agus Comhairleoirí eile a fheiscint ag glacadh le Taisteal Gníomhach agus tá fonn orainn leanúint ar aghaidh ag cur béime ar éifeachtúlacht agus cumas na rothar leictreach lastais de réir mar a oibrímid chun Fine Gall níos glaise agus níos inbhuanaite a bhaint amach”.

Beidh ról suntasach ag glacadh níos leithne de rothair leictreacha lastais maidir le todhchaí níos inbhuanaithe a sholáthar d’Fhine Gall.