Seoladh Chlár Bronnadh na Leabhar de Chuid Chiste Aitheantais an Phobail ó Leabharlanna Fhine Gall

Tá Leabharlanna Fhine Gall  i ndiaidh clár bronnadh na leabhar a fhógairt do scoileanna na háite mar chuid de Chiste Aitheantas an Phobail.

Book gifting programme Mayor Betty Boardman 2

Tá Leabharlanna Fhine Gall  i ndiaidh clár bronnadh na leabhar a fhógairt do scoileanna na háite mar chuid de Chiste Aitheantas an Phobail. Mórthionscnamh de chuid Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail atá i gCiste Aitheantas an Phobail, arna dhearadh chun tacaíocht ar leith a thabhairt do phobail ar fud na tíre atá ag óstáil daoine ón Úcráin agus ó thíortha eile.

Bhain Leabharlann Bhaile Bhlainséir úsáid as an maoiniú seo chun tacair ar leith na leabhar a cheannach do gach scoil i gceantar Bhaile Átha Cliath 15. Mar thoradh air seo, beidh rochtain ag gach leanbh ar leabhair ina leabharlann scoile. Tá cláir bhronnadh na leabhar ar siúl freisin i Sord agus i mBaile Seiscin.

Book gifting programme group

Sheol Méara Fhine Gall, an Clr. Adrian Henchy clár bronnadh na leabhar  i Leabharlann Bhaile Bhlainséir ar maidin. I dteannta an Mhéara bhí Leabharlannaí an Chontae Betty Boardman agus an t-údar leanaí Alan Nolan mar aon leis na leanaí agus na múinteoirí ó Scoil Naomh Proinsias Xavier, Gort na Rós.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Clr. Adrian Henchy: “Cuireann sé áthas orm a fheiceáil go mbeidh Leabharlanna Fhine Gall ag tabhairt leabhair do scoileanna i mBaile Átha Cliath 15, i Sord agus i mBaile Seiscin mar chuid den Chiste Aitheantas an Phobail. Is bealach iontach é seo chun aitheantas a thabhairt don pháirt ollmhór atá á dhéanamh ag pobail i bhFine Gall le haghaidh fáilte a chur roimh dhaoine ón Úcráin agus ó thíortha eile chomh maith lená nóstáil agus iad ag lorg cosanta agus sábháilteachta”.

Dar le Leabharlannaí an Chontae Betty Boardman: “Is aitheantas iontach é bronnadh na leabhar do scoileanna i mBaile Átha Cliath 15 ar iarracht an phobail fáilte a chur roimh dhaoine ón Úcráin agus ó áiteanna eile atá ag lorg cosanta idirnáisiúnta. Is cúis áthais dom go bhfuil Ciste Aitheantas an Phobail á úsáid ag Leabharlanna Fhine Gall chun scileanna na litearthachta agus an grá don léitheoireacht a chothú i measc páistí scoile na háité.”

Book gifting programme Alan Nolan
Book gifting programme Mayor Betty Boardman