Seolann Fine Gall Seisiúin Aclaíochta Baile

Tá Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall ag seoladh clár píolótach Aclaíochta Baile le ranganna ar líne saor in aisce oscailte do gach leibhéal cumais.

Fingal Home Fit Sessions

Tá Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall ag seoladh clár píolótach Aclaíochta Baile Dé Luain seo chugainn an 9ú Samhain. Tá na ranganna ar líne saor in aisce seo oscailte do gach leibhéal cumais agus beidh siad ina seisiúin aclaíochta 30 nóiméad arna seachadadh ag cóitseálaithe cáilithe ar feadh 3 seachtaine. Seolfar trí rang in aghaidh na seachtaine beo ar líne ag 10rn agus tá rang Gluaiseacht Coirp agus Aigne, rang Matáin an Bhoilg agus rang Aclaíochta Cathaoireach ann. Cuimsíonn gach ceann de na seisiúin ‘téama beagán nó puinn trealaimh.’  

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Tá sé ríthábhachtach dár bhfolláine fhisiceach agus mheabhrach coinneáil gníomhach agus is gné lárnach d’fheachtas an Rialtais é #FanSláintiúil agus tú ag maireachtáil le Covid-19. Molaim Oifig Spóirt Fhine Gall as an gclár Aclaíochta Baile seo a chabhróidh le gach éinne coinneáil gníomhach.”

Dúirt Marion Brown, Príomhoifigeach Forbartha Spóirt, Comhairle Contae Fhine Gall: “Mar gheall ar phaindéim COVID, tá fócas tábhachtach anois ar shláinte agus aclaíocht. De ghnáth baintear folláine choirp amach trí chothú ceart, aclaíocht agus sos leordhóthanach agus d’fhéadfadh na ranganna seo an deis gníomhaíochta coirp sin a sholáthar do dhaoine ó chompord a mbaile féin.”

Dúirt an Stiúrthóir Seirbhísí, Tithíochta & Pobail, Margaret Geraghty: “Is tionscnamh iontach é an clár Aclaíochta Baile ó Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall. Tá an Oifig Spóirt tar éis obair go crua le roinnt mí anuas ag teacht ar bhealaí nua agus nuálacha chun daoine a choinneáil gníomhach agus rannpháirteach sa spórt le linn na paindéime. Tá súil agam go nglacfaidh daoine ar fud Fhine Gall páirt sna ranganna gníomhaíochta coirp seo.”

Chun clárú le haghaidh Aclaíocht Baile téigh chuig http://bit.ly/fingalhomefit nó chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Noel Mc Manus (Oifigeach Forbartha Spóirt Pobail Fhine Gall) [email protected] [email protected]