Soilse i Floraville na Sceirí lasta ag an Méara mar chuid d'Fhéile Filíochta Fhine Gall

Las Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh soilse i Floraville na Sceirí Déardaoin mar chuid d'Fhéile Filíochta Fhine Gall. Beidh an Fhéile Filíochta ar siúl ón 16 - 19 Meán Fómhair.

Pictured is Mathew Kelly and Mayor of Fingal, Cllr. Seána Ó Rodaigh, Ernestine Woelger and Enda Coyle- Greene

Le linn na féile, beidh imeachtaí slán sábháilte lasmuigh ar siúl ar shuíomhanna áille sna Sceirí agus sa cheantar mórthimpeall, a mbeidh daoine in ann freastal orthu ar an láthair. Tiocfaidh brí agus anam i gClós Mhuilte na Sceirí nuair a reáchtálfar neart imeachtaí ann, amhail Comórtais Bheo Filíochta agus Léamha Filíochta. Ina theannta sin, beidh ceolchoirm ar siúl ina mbeidh ceol le cloisteáil ón mbanna áitiúil Shadows and Lights.

 

Dúirt an Méara, an Comhairleoir Ó Rodaigh: “Ba mhór an onóir dom soilse Floraville a lasadh inné. I mo chomhalta den choiste eagrúcháin, tuigim an méid sin oibre agus iarrachta a cuireadh isteach san fhéile agus is fada liom go mbeidh deis ag an bpobal sult a bhaint aisti. Is é an aidhm atá i gcroílár Fhéile Filíochta Fhine Gall ná an fhilíocht a chur ar fáil do chách agus cuireann sé áthas orm go bhfuil clár imeachtaí chomh ionchuimsitheach seo á chur i láthair sna Sceirí. Bainigí taitneamh as!”

 

Dúirt an Stiúrthóir d’Fhorbairt Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta & Cultúir i gComhairle Contae Fhine Gall, Emer O’Gorman: Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d'Fhéile Filíochta Fhine Gall, leis an scéim deontas d'fhéilte atá againn, mar atá á dhéanamh againn ó bunaíodh an fhéile. Is mór againn foireann ealaíon na Comhairle atá ag obair go dlúth leis an gcoiste deonach ardoilte, a roinneann a gcuid ama go flaithiúil, chun an t-imeacht cultúir tábhachtach uathúil seo a chur ar fáil do mhuintir na Sceirí agus an cheantair mháguaird.”

 

Dúirt Ernestine Woelger, Cathaoirleach an Choiste Eagrúcháin:  “Táimid ar bís an méid seo imeachtaí den scoth a chur ar siúl sna Sceirí. Tá sé d'aidhm againn an fhilíocht a chur os comhair an phobail agus atmaisféar féile a chruthú i ngach coirnéal den bhaile álainn seo cois farraige. Táimid buíoch d'Oifig Ealaíon Fhine Gall mar gur ríthábhachtach an maoiniú a thug siad dúinn chun cuidiú linn an fhéile a chur ar siúl.”

 

Cé nach seolfar Féile Filíochta Fhine Gall go hoifigiúil go dtí an 16 Meán Fómhair, cruthófar spás don fhilíocht sa bhaile de réir a chéile roimh an dáta sin. Níl sa seó soilse i Floraville ach an tús.  Coinnigh súil amach do dhánta agus d'Fhiacha Dubha i bhfuinneoga timpeall na Sceirí.

 

 

 

 

Mayor of Fingal, Cllr. Seána Ó Rodaigh speaking on stage
he Chair of the Organising Committee, Ernestine Woelger speaking on stage