Tá Léiriú Spéise á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall do Thithíocht Lándéanta agus/nó d’Fhorbairtí a Léasú go Fadtéarmach

 

Tá léiriú spéise á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall chun forbairtí tithíochta lándéanta a sholáthar agus/nó chun forbairtí a léasú go fadtéarmach ar mhaithe le tithíocht shóisialta ar fud cheantar Fhine Gall.

 

Tá léiriú spéise á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall chun forbairtí tithíochta lándéanta a sholáthar agus/nó chun forbairtí a léasú go fadtéarmach ar mhaithe le tithíocht shóisialta ar fud cheantar Fhine Gall.

Chun go mbeidh spéis ag an gComhairle i bhforbairtí lándéanta agus/nó léasaithe fhadtéarmaigh, caithfidh siad a bheith i ngar do sheirbhísí laistigh de lonnaíocht/baile/sráidbhaile uirbeach, agus caithfidh go bhfuil siad suite laistigh d’fhad siúil ó shiopaí, scoileanna agus conláistí áitiúla. Caithfidh caighdeáin dearaidh agus tógála tithíochta aon fhorbairtí a bheartaítear riachtanais na gceanglas uile reachtúil ábhartha um pleanáil agus rialú foirgníochta, ar a laghad, a shásamh.

Tá Cáipéis Faisnéisithe ‘Léiriú Spéise’ ar fáil lena híoslódáil anseo nó, mar mhalairt air sin, trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Tógála Tithíochta, Comhairle Contae Fhine Gall, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 1 nó trí ghlao ar 01-8905411 nó trí chuairt a thabhairt ar [email protected] .

Caithfear aighneachtaí agus cáipéisíocht tacaíochta a fháil tráth nach déanaí ná 4pm Dé hAoine, an 3 Aibreán 2020. Níl dualgas ar Chomhairle Contae Fhine Gall aon fhorbairt tithíochta lándéantaí a cheannach ná aon léas fadtéarmach d’fhorbairtí a iontráil a d’fhéadfaí a sheoladh ar aghaidh mar chuid den phróiseas seo.