Taispeántas na Cathrach Inbhuanaithe i 5 leabharlann Fhine Gall an Samhradh seo

Tar agus féach ar mhúnla spreagúil Cathair Inbhuanaithe ag leabharlanna Fhine Gall an Samhradh seo.

sustainable city school picture

Tar agus féach ar mhúnla spreagúil Cathair Inbhuanaithe ag leabharlanna Fhine Gall an Samhradh seo. Chruthaigh páistí óga ag Scoil Mhuire Sóisear, Baile an Bhlácaigh, Baile Átha Cliath 15 Cathair an Todhchaí. Fuair siad meantóireacht ó dhaltaí Idirbhliana ag Pobailscoil Bhaile an Bhlácaigh.

Tá an chathair faoi thiomáint ag fuinneamh gaoithe agus gréine, agus cuimsíonn sí scoileanna áitiúla, ospidéal áitiúil, iompar inbhuanaithe, ionad athchúrsála, go leor crann, áis chun éadaí a thriomú lasmuigh, ionaid chóireala uisce agus fuíolluisce, margadh feirmeoirí áitiúil do bhia orgánach agus clós súgartha. Cuireann an chathair timpeallacht shláintiúil inbhuanaithe agus maireachtáil saor ó astaíochtaí chun cinn. I gcomhthéacs Athrú Aeráide, bainfidh daoine de gach aois taitneamh as an léiriú spreagúil seo de chathracha sa todhchaí.

 

Féach thíos le haghaidh na dátaí do na taispeántais leabharlainne:

 

 

Bráinse Leabharlainne

Dátaí Taispeántais

1

Leabharlann Bhaile Bhlainséir

Dé Luain 3ú Iúil – Dé Sathairn 15ú Iúil

2

Leabharlann Bhaile Brigín

Dé Céadaoin 19ú Iúil – Déardaoin 27ú Iúil

3

Leabharlann an Rois

Dé hAoine 28ú Iúil – Dé Sathairn 12ú Lúnasa

4

Leabharlann Dhomhnach Bat/Phort Reachrann

Dé Luain 14ú Lúnasa– Déardaoin 24ú Lúnasa

5

Leabharlann Mhullach Íde

Dé hAoine 25ú Lúnasa – Dé Sathairn 2ú Meán Fómhair

 

Faigh tuilleadh eolais faoi leabharlanna ag https://www.fingal.ie/council/service/fingal-library-network

 

sustainable city model