Seachtain Náisiúnta um Shábháilteacht ar Bhóithre - Acmhainní do Mhúinteoirí

Is iontach an deis í Seachtain Náisiúnta um Shábháilteacht ar Bhóithre, idir an 4 agus an 10 Deireadh Fómhair 2021, do mhúinteoirí a bheith ag plé sábháilteachta ar bhóithre sa seomra ranga. Tá acmhainní ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) curtha i dtoll a chéile againn le gur féidir leat úsáid a bhaint astu chun pleananna ceachta a chruthú, beag beann ar aois na ndaltaí.

Hi-Glo Silver

Tá comrádaí dílis an Seatbelt Sheriff, Hi-Glo Silver, ar ais le teachtaireacht ríthábhachtach sábháilteachta do gach dalta i Rang a Dó: caith éadaí ard-infheictheachta agus tú amuigh ag súgradh, ag siúl nó ag rothaíocht.

Acmhainní do Rang a hAon: https://www.seatbeltsheriff.ie/seatbelt-sheriff/

Acmhainní do Rang a Dó: https://www.seatbeltsheriff.ie/hi-glo-silver/ 

Imir an cluiche Nathracha is Contúirtí ar líne chun sábháilteacht ar bhóithre a chleachtadh

Íoslódáil pacáiste tacaíochta Hi-Glo Silver don seomra ranga ar https://www.seatbeltsheriff.ie/hi-glo-silver/ 

high glow silver RSA mascot image

StreetSmart Kids

Leanaí StreetSmart

Tá sé mar aidhm leis an gclár StreetSmart beocht a chur i saincheisteanna sábháilteachta ar bhóithre do leanaí óga scoile. Tá an clár leagtha amach do thrí aoisghrúpa ar leith: 4-5, 5-8 agus 8-12 bliain d'aois. Cuirfear go mór le tuiscint na ndaltaí ar rialacha an bhóthair le linn an lae spleodrach, spraíúil seo.

Úsáidtear mata sráid-dreacha sa chlár StreetSmart ar a mbeidh deis ag leanaí tabhairt faoi ghnáth-thascanna laethúla coisithe nó rothaithe. Is féidir leo gléasadh suas agus róil éagsúla a ghlacadh amhail altra, dochtúir, oifigeach dóiteáin nó tiománaí otharchairr. Beidh ionadaithe an RSA ar fáil chun comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí i dteannta na múinteoirí sa scoil. 

Leigh sonraí an chláir agus déan fiosrú áirithinte ar https://www.rsa.ie/en/RSA/Road-Safety/Road-safety-for-kids/StreetSmart/ 

Banner image for RSA Street smart kids programme

C

Leabhrán Sábháilteachta Rothaíochta

Má tá leanaí i do scoil ag taisteal ar rothar, tapaigh an deis seo chun múineadh dóibh conas taisteal go sábháilte ar an mbóthar. Tá leabhrán Sábháilteachta Rothaíochta an RSA lán le leideanna agus eolas don ábhar rothaí. Foghlaim faoin rothar, faoi rialacha an bhóthair do rothaithe agus faoin mbealach na lánaí rothaíochta a úsáid i gceart.

Íoslódáil Leabhrán Sábháilteachta Rothaíochta an RSA anseo.

 

Ag Dul chun na Scoile - Comhairle do Thuismitheoirí

An bhfuil comhairle uait le cur ar thuismitheoirí? Is féidir an leabhrán áisiúil seo a chur chuig tuismitheoirí chun cabhrú leo tuiscint a fháil ar mar is féidir leo a leanaí a chur ar scoil go sábháilte, bíodh siad ag siúl, ag rothaíocht, ag taisteal sa charr nó ar iompar poiblí.

Íoslódáil an Leabhrán Ag Dul chun na Scoile anseo.