Oidhreacht ón mBaile: Tá thart ar 50 tobar naofa i bhFine Gall. Díol ómóis ba ea an t-uisce chomh fada siar leis an réamhstair, nuair a chaití daoine ofrálacha i bhfoinsí uisce, aibhneacha agus lochanna - agus déanaimid aithris ar an traidisiún sin nuair a chaithimid boinn i bhfuarán inniu.
Oidhreacht ón mBaile: Má tá tú laistigh de 2 chiliméadar ó Shord, cén fáth nach n-íoslódálfá Conair Oidhreachta Shoird agus níos mó a fhoghlaim faoin mbaile ársa seo?
Tá 54 reilig stairiúil i bhFine Gall agus is gné shuntasach d'oidhreacht an chontae iad. Tá go leor díobh fós á n-úsáid. Tá baint ag roinnt acu, cosúil le Lusca, Sord, Naomh Dúiligh agus An Ghreallach le naoimh agus téann siad chomh fada siar le tréimhsí luatha na Críostaíochta. Is reiligí paróiste meánaoiseacha iad cuid eile díobh, cosúil le Clochrán, Inis Pádraig agus Mullach Íde.
Rugadh Mary Ellen (Molly) Adrien ar an 25 Meán Fómhair 1873. Tá cuimhne uirthi mar dhuine de 'mhná na Réabhlóide' i bhFine Gall. Chuaigh Molly le Cumann na mBan tar éis a bhunaithe in Aibreán 1914 agus deirtear go raibh ról tábhachtach aici i mbrainse Lusca a bhunú. Tugadh ordú do Chumann na mBan Domhnach Cásca 1916 cruinniú le chéile ag an Eaglais Dhubh i mBaile Phib, ach tugadh freasordú agus cuireadh ar shiúl iad le fanacht ar aisghairm.
Tá stair fhada agus éagsúil mhuirí ag Fine Gall, ó aimsir ruathair na Lochlannach agus an port meánaoiseach Binn Éadair tráth na Plá, go dtí foghlaithe mara Reachrann agus smuigléirí an Rois agus Loch Sionnaigh.
D'ainneoin a gcreideann an pobal i gcoitinne, rinneadh formhór fhoraoisí nádúrtha na hÉireann a ghlanadh roimh 1600. Rinneadh cuid mhaith den ghlanadh sin san aimsir réamhstairiúil. Sa mheánaois bhí coillte agus agus roschoillte scaipthe ar fud Fhine Gall ach bhí an cumhdach foraoise an-íseal go deo sa 17ú haois.