Ceolchoirmeacha Mhullach Íde 2025 Scéim Crannchúr na dTicéad le haghaidh Cónaítheoirí na hÁite
Aithnímid go bhféadfadh tionchar díreach a bheith ag na ceolchoirmeacha a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2025 orthu siúd atá cónaí orthu i ngar do Dhiméin Mhullach Íde. Tá Comhairle Contae Fhine Gall geallta le chomhoibriú a dhéanamh le cónaitheoirí ha háite ina leith seo.
Beidh crannchur na dticéad á reáchtáil ag an gComhairle le haghaidh roinnt ticéad saor in aisce a chur ar fáil do chónaitheoirí na háite. Má tá d'áit chónaithe suite laistigh den gha pobail 1.5 km ar suíomh céim ceolchoirm, d’fhéadfá cáiliú le haghaidh iarratas a dhéanamh ar chrannchur na dticéad. Mar a tharla sna blianta roimhe seo, ní féidir geallúint a dhéanamh go mbeadh ticéad ar fáil do gach cónaitheoir agus ní féidir ach iarratas amháin a ghlacadh in aghaidh an teaghlaigh. Ní féidir ticéid a leithdháileadh le haghaidh cheolchoirmeacha ar leith.
Leagtar amach thíos na téarmaí agus na coinníollacha, an incháilitheacht agus na spriocdhátaí thábhachtacha a mbaineann le Scéim Chrannchur Ticéad Ceolchoirm Mhullach Íde.
Gheobhaidh áitribh laistigh den dobharcheantar incháilithe bileog le sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh. Seachadfar bileoga idir Dé Luain, 14 Aibreán agus Dé Máirt, 22 Aibreán.
Baineann na téarmaí agus na coinníollacha seo a leanas le héinne a dhéanann iarratas ar scéim Chrannchur Ticéad Ceolchoirm Mhullach Íde:
- Sé spriocdháta na n-iarratas ar thicéad ná Dé Céadaoin, an 14 Bealtaine 2025 ag 17.00. Ní ghlacfar le haon iarratas tar éis an ama seo.
- Chun clárú sa chrannchur do thicéid chónaitheora, bain úsáid as an gcód QR ar an mbileog arna sheachadadh chuig seoltaí incháilithe agus críochnaigh an fhoirm iarratais ar líne.
- Cloífidh gach sonraí a bhailítear leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Beidh aon fhaisnéis a bhailítear le húsáid ag Comhairle Contae Fhine Gall amháin agus ní nochtfar d’aon tríú páirtí í.
- Ní mór d’Eircode a lua i d’iarratas agus úsáidfear é chun incháilitheacht do sheoladh a fhíorú. Ní cheadaítear ach clárúchán amháin (dhá thicéad) in aghaidh an Eircode. Má thagann níos mó ná iarratas amháin ón Eircode céanna, déanfar GACH iarratais ón Eircode sin á ndícháiliú.
- Tarraingeofar na ticéid trí chóras Crannchuir agus, mar sin, ní féidir ticéid a leithdháileadh le haghaidh ceolchoirmeacha ar leith.
- Is críochnaitheach agus is ceangailteach iad torthaí chrannchur na dticéad ar gach rannpháirtí. Ní ghlacfar le haon chomhfhreagras ina leith.
- Cuirfear na teaghlaigh rathúla ar an eolas tráth nach déanaí ná Déardaoin, an 29 Bealtaine 2025.
- Déanfar na ticéid a sheoladh chuig na hiarrthóirí rathúla tríd an bpost cláraithe chuig an seoladh agus chuig an Eircode atá luaite san iarratas. Ní féidir úsáid a bhaint as aon seoladh ionaid.
- Is chun críche úsáide pearsanta amháin ag na cónaitheoirí ar leith, a rinne iarratas agus a gcónaíonn laistigh den limistéar incháilithe, iad na ticéid a bhfaightear i gCrannchur Ticéad Ceolchoirm Mhullach Íde.
- Ní ceadaítear aon ticéid do chónaitheoirí a athdhíol ar aon shuíomh Gréasáin tánaisteach. Má imsítear éinne ag athdíol a thicéad, tá an baol ann go gcuirfear a thicéad ar ceal agus go ndiúltófar cead isteach dó ar shuíomh na ceolchoirme. Ni ghlacfar leis freisin in aon crannchúr amach anseo.
Catagóir 1
- Déanfar 80% de ne ticéid chónaitheoirí saor in aisce a chur ar fáil i ngach crannchúr do theaghlaigh laistigh de cheantar Aicme 1; féach an an liosta thíos. Is féidir le teaghlaigh as limisteár Aicme 1 cur isteach ar dhá thicéad in aghaidh an teaghlaigh. Caithfidh gach cónaitheoir Critéir na Cáilitheachta a chomhlíonadh, siad sin, Eircode fíoraithe laistigh den limistéar sannta. Nuair a chinntear go bhfuil do sheoladh incháilithe, cuirfear isteach sa chrannchur é le haghaidh ticéid saor in aisce.
- Abington 1
Ard na Mara
Ard na Mara
Halla Choill na Fuinseoige
Plásóg Ashleigh
Garrán Auburn
An Cúlbhóthar
Trá an Bhiséadaigh
Gort an tSrutháin
Gort na Giolcaí
Ardán Carlisle
Árasáin Casino
Mainéar Ghort an Chaisleáin
Fraoch an Chaisleáin (Bóthar Mhulláin an Chaisleáin)
Cúirt Ardán an Chaisleáin
Páirc Radharc an Chaisleáin
Bealach an Chaisleáin
Bóthar an Teampaill
Ascaill / Bóthar / Plás / Páirc Chalfont - Lóiste Clareville
Ascaill Uí Chonghaile
Rae an Inbhir
Gráinseach Galtrim
Plásóga Gaybrook
Lána Uí Anluain
Céide an Chnoic
Inbhir Íde
Lána Chionn Sáile 1
Roschoill Lawson
Bóthar Mhullach Íde/Bóthar Bhaile Átha Cliath
Lána Mhic Riada
Clós Radharc an Mhuilinn (gar d’Ard na Mara)
Plásóga Radharc an Mhuilinn
Bóthar Radharc an Mhuilinn (os comhair Ard na Mara)
Páirc na Darach
Cúirt Oakleigh
An tSeansráid
Iostáin Parnell
Ascaill / Cúirt / Bóthar (scrios) an Iarnróid
Cúirt Ghort na Mara
Sonesta
Bóthar Shoird (ag trasnú Bhóthar Radharc an Mhuilinn & Bóthar Mhulláin an Chaisleáin)
Garrán San Aindrias
St Ives
Ascaill San Maighréad
Páirc San Maighréad
Bóthar San Maighréad
Bailtíní San Sailbheastar
Lána Texas
An Bábhún
An Cuan
An Cnoc
Plásóg na Coille
Bóthar na mBallaí Buí (Thoir)
Catagóir 2
-
Déanfar 20% de ne ticéid chónaitheoirí saor in aisce a chur ar fáil i ngach crannchúr do theaghlaigh laistigh de cheantar Aicme 2. Is féidir le teaghlaigh as limisteár Aicme 2 cur isteach ar dhá thicéad in aghaidh an teaghlaigh. Caithfidh gach cónaitheoir Critéir na Cáilitheachta a chomhlíonadh, siad sin, Eircode fíoraithe laistigh den limistéar sannta. Nuair a chinntear go bhfuil do sheoladh incháilithe, cuirfear isteach sa chrannchur é le haghaidh ticéid saor in aisce.
Cnoc an Aba
Abington 2
Céide Arianna
Lána Uí Chiara
Garrán/Bóthar/Croit Mhulláin an Chaisleáin
Garrán/Ascaill/Radharc/Céide na Coille Duibhe
Corrán Uí Chonghaile
Eachlann an Teampaill
Siúlán an Inbhir
Ascaill / Mulláin / Corrán / Páirc / Plásóg / Faiche Gainsborough
Plásóg an Gharráin
Bóthar an Gharráin (i ndiaidh an Aird)
Bóthar an Gharráin (chomh fada leis an Ard)
Sruthán an Choill
Ardán Shéamais
Corrán/Páirc/Cúirt/Ascaill Uí Chillín
Lána Chionn Sáile 2
Marlaí
Áth an Mhuilinn
Cúirt Radharc an Mhuilinn
Plásóga Ghort an Chnocáin
Lóiste Ghort an Chnocáin
Páirc Ghort an Chnocáin
Mainéar Myra
An tSráid Nua
Oak Hall (os comhair an Bhábhúin)
Seaninbhear an Mhuilinn
Seanbhóthar na mBallaí Buí (Thiar)
Bealach/Páirc/Ascaill Pheadaí
Ascaill na Páirce
Iostáin an Rosaigh
Bóthar na Mara
Faiche Seabury
Corrán Seabury
Paráid Seabury
Céide Seabury
Clós Seabury
Siúlán Seabury
Mulláin Seabury
Plásóg Seabury
Lána Seabury
Garrán Seabury
Cúirt Seabury
Bóthar/Garrán/Céide/Páirc/Arda Chnocán na Mara
Mainistir/Ard Chnocán na Mara
Log an Chodlata
Sráid na Trá
Lána Bhaile an tSrutháin
Cluainte Bhaile an tSrutháin
Coill Bhaile an tSrutháin
Cúirt an Talbóidigh
Páirc/Ascaill/Bóthar an Talbóidigh
An Ghráinseach
An Seanmhachaire Gailf
An Meal
An tArd
Na Seiceamair
An Coinicéar
Lána Chlós an Bhaile
Bóthar Wright
Sceideal Ceolchoirmeacha:
Dé Máirt, 17ú Meitheamh Charli xcx
Dé Céadaoin, 25ú Meitheamh Iron Maiden
Déardaoin, 26ú Meitheamh Neil Young
Dé Sathairn, 28ú Meitheamh Justin Timberlake
Dé Domhnaigh, 29ú Meitheamh Alanis Morrissette
Dé Luain 30ú Meitheamh Duran Duran plus Nile Rodgers & Chic
Dé hAoine, 4ú Iúil Mumford & Sons
Seolfar nuashonruithe maidir le ceolchoirmeacha m.sh. bainistíocht tráchta srl. ar mheáin shóisialta Chomhairle Contae Fhine Gall roimh an gceolchoirm. Lean na bealaí meáin shóisialta is fearr leat chun an t-eolas is déanaí a fháil.
Má tá riachtanais inrochtaineachta agat agus mura bhfuil tú in ann an t-iarratas ar líne a chomhlánú, glaoigh ar 01 8905000 agus iarr Roinn Oibríochtaí Bhinn Éadair agus Mhullach Íde.