Plean Oidhreachta Fhine Gall 2024-2030

New heritage plan for Fingal cover

Gabhaim buíochas le gach duine a chuidigh le forbairt Phlean nua Oidhreachta Fhine Gall 2024-2030, le linn an dá chéim den chomhairliúchán poiblí.

Cheadaigh Fóram Oidhreachta Fhine Gall Plean Oidhreachta Fhine Gall 2024-2030 agus glacadh leis ag cruinniú na Comhairle Contae i mí na Nollag 2023. Is féidir an plean nua a fheiceáil anseo:

Plean Oidhreachta Fhine Gall 2024-2030

Fingal Heritage Plan 2024-2030

Ullmhaíodh tuarascálacha scagthástála maidir le Measúnacht Chuí agus Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil mar chuid den phróiseas déanta plean.

Cinneadh MC

Cinneadh MSC

Tá ról comhordaithe ag an gComhairle Contae, go háirithe ag an Oifigeach Oidhreachta maidir le Plean Oidhreachta Fhine Gall a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, is plean trasearnála é Plean Oidhreachta Fhine Gall a ionchorpraíonn cuspóirí agus gníomhartha straitéiseacha atá le cur i bhfeidhm ag neart grúpaí, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu le cúram, cosaint agus bainistiú na hoidhreachta i bhFine Gall. Ní bhainfear amach cur i bhfeidhm an phlean ach i gcomhpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara go léir. Más mian leat a bheith páirteach i ngné ar bith de chur i bhfeidhm an phlean, déan teagmháil le do thoil le hOifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker ag  [email protected]

 

Dréachtchomhairliúchán Oidhreacht Fhine Gall

Ceapadh an Dréachtphlean Oidhreachta 2024-2030 chun tuairimí an phobail agus na bpáirtithe leasmhara a léiríodh le linn Chéim 1 den phróiseas comhairliúcháin a léiriú. Leagadh amach fís agus cuspóirí straitéiseacha dár n-oidhreacht chomhroinnte sa  Dréachtphlean. Cuimsíonn sé gach cineál oidhreachta, conas a nascann siad le chéile agus an bealach is fearr is féidir linn ár n-oidhreacht a chosaint. Iarraidh aighneachtaí agus barúlacha tríd an tairseach comhairliúcháin https://consult.fingal.ie nó i scríbhinn.

Cuireadh ar bun ag am tráthúil é chun leas a bhaint as an ardú i dtuiscint an phobail ar oidhreacht, tar éis Sheachtain na hOidhreachta 2023 agus cuireadh síneadh ama leis an tréimhse chomhairliúcháin don Dréachtphlean ó Dé Céadaoin 23 Lúnasa go dtí Dé Céadaoin  04 Deireadh Fómhair 2023 (agus an lá sin san áireamh). Cuireadh an próiseas comhairliúcháin chun cinn go forleathan trí Aonad Cumarsáide Fhine Gall, láithreán gréasáin fingal.ie agus trí na meáin shóisialta. Reáchtáladh seimineár gréasáin beo ar líne leis an Oifigeach Oidhreachta Dé Máirt 26ú Meán Fómhair, a taifeadadh agus a d’fhéadfaí féachaint air ina dhiaidh sin. Fuarthas 10 n-aighneacht san iomlán. Cuireadh tuarascáil ar na haighneachtaí agus an Dréachtphlean leasaithe i láthair Fhóram Oidhreachta Fhine Gall, agus tugadh faoi bhráid na Comhairle ina dhiaidh sin í, áit ar faomhadh í ar an 11ú Nollaig 2023.

Féach uirthi nó Íoslódáil anseo:

Dréachtphlean Oidhreachta Fhine Gall 2024-2030

Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) agus Measúnacht Chuí (MC)

Bhí Seimineár Gréasáin Ar Líne ar siúl Dé Máirt 26ú Meán Fómhair, is féidir leat féachaint ar an taifeadadh thíos.

Comhairliúchán Réamhdhréachta Oidhreachta Fhine Gall

Reáchtáladh comhairliúchán réamhdhréachta idir 05 Aibreán-19 Bealtaine 2023 (féach ar an tuarascáil thíos) agus chuimsigh sé seisiúin buail isteach pearsanta, ceardlanna páirtithe leasmhara agus suirbhé ar líne, óna bhfuarthas 266 freagra san iomlán. Chuidigh an t-eolas a bailíodh le linn an phróisis chomhairliúcháin réamhdhréachta le forbairt Dhréachtphlean Oidhreachta Fhine Gall agus chuidigh sé le tosaíocht a thabhairt do limistéir le haghaidh gníomhaíochta oidhreachta suas go dtí 2030.  

Plean Oidhreachta Fhine Gall – Tuarascáil an Chomhairliúcháin Réamhdhréachta

Féach ar Phlean Oidhreachta reatha Fhine Gall 2018-2023 anseo

Ceisteanna chuig Oifigeach Oidhreachta,  [email protected]   

Féach ar Fhíseán den Chomhairliúchán Réamhdhréachta Phlean Oidhreachta Fhine Gall thíos