Tá obair ar bun ar Ghlasbhealach an Mhóinéir Leathain (cosán agus rotharbhealach roinnte) ar fiú €30 milliún é a nascfaidh Mullach Íde agus Domhnach Bat trasna Inbhear an Mhóinéir Leathain.
Nascfaidh Glasbhealach an Mhóinéir Leathain Diméin Mhullach Íde agus Diméin an Droichid Nua agus beidh sé mar chuid de Bhealach Cósta Fhine Gall, a rithfidh an bealach ar fad ó Chill Fhionntain go Baile Brigín. Tá an bealach seo ina phríomhchuid de Ghréasán Rothaíochta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus de Chonair an Chósta Thoir de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair.
Tógfar an glasbhealach thar roinnt blianta. Is mar seo a leanas atá an clár imlíneach atá faoi réir athraithe:
Suirbhéanna agus oibreacha dearaidh: 2022-2025
Conarthaí réamhoibreacha lena n-áirítear fálú agus fóntais: 2022-2024
Talamh a fháil, saincheisteanna dlíthiúla, toiliú urthrá 2022-2024
Conarthaí imscrúdaithe talún: Earrach/Samhradh 2023
Soláthar príomhchonarthaí oibre: 2023-2025
Príomhoibreacha: 2024-2026.
Timeline for delivery
Ord na nOibreacha
Tá 3 phríomhphacáiste oibre sa tionscadal a thagann le chéile chun Glasbhealach an Mhóinéir Leathain a dhéanamh.
1. Oibreacha sciorrtha talún Dhomhnach Bat
2. Oibreacha iarnród tarbhealaigh
3. Oibreacha sciorrtha talún Mhullach Íde
Inbhear an Mhóinéir Leathain
Domhnach Bat (An Cladach Thuaidh go Diméin an Droichid Nua)
Tuilleadh faisnéise ag teacht go luath
Mullach Íde (Diméin Mhullach Íde go Trá an Bhiséadaigh)
Tuilleadh faisnéise ag teacht go luath
Bealach an Mhóinéir Leathain Gné-alt san Irish Times
I mí Lúnasa 2023, thug Olivia Kelly ón Irish Times cuairt ar An Móinéar Leathan le foireann Chomhairle Contae Fhine Gall chun féachaint ar an obair atá idir lámha. Cliceáil anseo chun an t-alt a léamh agus féachaint ar an bhfíseán a ghabhann leis.