Pobal agus Spóirt

Soláthar Páirceanna Imeartha

Pobal agus Spórt

Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall 172 áis imeartha ar fáil ar fud an chontae, ina bhfuil níos mó ná 160 páirc féir do Sacar, CLG agus Rugbaí, Áiseanna Uile-Aimsire, páirceanna Cruicéid, agus limistéar Daorchluiche ag Port Mearnóg.

Déantar monatóireacht sheachtainiúil ar pháirceanna imeartha le linn an tséasúir imeartha chun a fháil amach an bhfuil siad oiriúnach lena n-úsáid, agus féadfar a rá go bhfuil páirceanna “AS FEIDHM”  nó a dhearbhú nach féidir imirt orthu má tá an aimsir tar éis damáiste a dhéanamh dóibh nó má tá gá le hoibreacha cothabhála cosúil le draenáil, barrleasú, athsíolú nó sraith a chur arís orthu le gur féidir imirt orthu. Le linn an tséasúir imeartha, nuashonraítear Tuarascáil Inimeartha Páirce gach tráthnóna Dé hAoine.

Bremore All Weather Pitch

Más spéis leat iarratas a dhéanamh ar Leithdháileadh chun Páirc Féir a úsáid i bhFine Gall, comhlánaigh an Fhoirm Leithdháilte Páirce Féir Séasúr 2024/2025 le do thoil.  Beidh ort na huimhreacha tagartha páirce a chur san áireamh, atá le fáil ar an léarscáil chuí thíos. Cuir d’iarratas chomhlánaithe chuig [email protected] nó cur sa phost é chuig an seoladh atá liostaithe ar an bhfoirm.  Ba chóir duit a chinntiú go léann tú an fhoirm go cúramach agus go síníonn tú ar na leathanaigh chuí.

Is é Dé hAoine 12ú Iúil 2024 an dáta deiridh chun foirmeacha iarratais comhlánaithe a fháil ó Chlubanna Spóirt don Séasúr 2024/2025.  Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha ó Chlubanna Spóirt.

Ba cheart do scoileanna ar mian leo iarratas a dhéanamh ar leithdháileadh páirce é sin a dhéanamh faoin Aoine 12ú Iúil 2024 nó ón 01ú Meán Fómhair go dtí an 13ú Meán Fómhair 2024. 

Níor cheart duit aon íocaíocht a dhéanamh go dtí go dtugtar sonrasc duit do na páirceanna a leithdháiltear duit, cliceáil anseo do Sceideal na dTáillí do Shéasúr 2024/2025.  

Páirceanna Féir i bhFine Gall

(Brúigh gach ceann de na Páirceanna chun na léarscáileanna agus sonraí a fheiceáil)

Baile Átha Cliath 15, Leamhcán agus Fionnghlas

Páirc na Feá BÁC15

Teach Chainnigh BÁC15

Páirc Chúil Mhín BÁC15

Páirc na Coirre Duibhe BÁC15

Páirc Bhaile Damail  BÁC15

Páirc Bhaile an Hartaigh BÁC15

Páirc Hazelbury  BÁC15

Páirc Thobar Muire BÁC15

Páirc Bhéal Átha Liag, Fionnghlas

An Bealach Beag/Cúrsa na gCapall Seilge BÁC15

Páirc Radharc an Chnocáin BÁC15

Páirc Bhaile an Phóirtéaraigh BÁC15

Páirc Bhaile an Tirialaigh  BÁC15

Párc San Caitríona, Leamhcán

 

Ceantar Bhinn Éadair / Mhullach Íde

Páirc Alden, Baile Dúill

Gort na Giolcaí, Mullach Íde

Páirc Ghráinne Ní Mháille, Binn Éadair

Páirc Mhic Coitil, Mullach Íde

Diméin Mhullach Íde

SLC Phort Mearnóg

Páirc an Ráschúrsa, Baile Dúill

Ballaí Robac, Mullach Íde

Seabury Mullach Íde

Páirc Ghráinseach na Mara, Mullach Íde

Cois Uisce Mullach Íde

 

Ceantar Shoird / Dhomhnach Bat

Páirc Bhaile Anraí (Inbhear), Sord  

Páirc Bhaile Anraí (An Móinéar Leathan), Sord

Baile Anraí (Taiscumar), Sord

Páirc an Tobair Naofa, Sord

Gleann na Muilleoirí, Sord

Diméin an Droichid Nua

An Bóthar Nua, Domhnach Bat

Coill an Droma (Ráth Aingil), Sord

Coill an Droma, Sord

Móinéar na hAbhann, Teampall Mhaighréide

Gleann na hAbhann, Sord  

Mainéar Shoird

Tuaisceart an Chontae

Poll an Bhallasta, Na Sceirí

Páirc Réigiúnach Bhrí Mhór

Dún Eimhire & Feirm an tSéipéil, Lusca

Páirc na Gléibe, Baile an Ridire

Spás Oscailte Bhaile Hae, An Ros

Bá Uí Cheallaigh & Páirc Bheanna Boirche, Na Sceirí  

Páirc Orlynn & An Cheárta, Lusca

Bóthar na Rátha Móire, Lusca

Páirc San Caitríona, An Ros  

Páirc an Bhaile, Na Sceirí

Páirc an Bhaile & Lána an Phumpa & Páirc an Chraoibhín, Baile Brigín

Páirceanna Uile-Aimsire

Soláthraíonn Comhairle Contae Fhine Gall áiseana Uile-Aimsire ag roinnt suíomhanna ar fud an chontae. Bainistíonn príomhthionónta(í) iad seo thar ceann Chomhairle Contae Fhine Gall agus cuirtear naisc ar fáil do na tairseacha áirithinte ar líne a úsáidtear do gach Áis Uile-Aimsire. Ba cheart fiosrúcháin maidir le hÁiseanna Uile-Aimsire a chur chuig an gComhlacht Bainistíochta don áis shonrach sin. 

 

Páirc Bhaile an Phóirtéaraigh BÁC15 – Arna bhainistiú ag Mol Áineasa Pháirc Bhaile an Phóirtéaraigh TEO https://portal.sportskey.com/venues/Porterstown-Recreational-Hub

Gleann na hAbhann, Sord – Arna bhainistiú ag Mol Uile-Aimsire Ghleann Abhainn an Bharda https://portal.sportskey.com/venues/st-finian-s-astro

Páirc Bhaile an Tirialaigh BÁC15 Le deimhniú

Páirc Bhaile an Hartaigh BÁC15 -  https://huntstowncc.org/all-weather-pitch/

Brí Mhór, Baile Brigín  -  Fiosrúcháin - déan teagmháil le 085- 721-5859

Má bhíonn ceist agat maidir le cothabháil páirceanna nó cuaillí, déan teagmháil le (01) 890 5000

nó seol ríomhphost chuig  [email protected]   .

 

 

Téarmaí agus coinníollacha

Táillí

Déan Teagmháil Linn

An Rannóg Oibríochtaí, 
Fón: (01)  8704451  
Ríomhphost:  [email protected]e  nó   [email protected]