Search
2611 - 2620 of 2915 results
Seoladh Phlean Ealaíon 2019 - 2025 Chomhairle Contae Fhine Gall
Seoladh Plean Ealaíon 2019 - 2025 Chomhairle Contae Fhine Gall i gCaisleán Shoird agus leagtar amach ann straitéis do na healaíona sa chontae do na seacht mbliana amach romhainn.
Rath ar Ardán Cainte Ionad Eolais Europe Direct Bhaile Bhlainséir
Tá aghaidh á tabhairt ag seaimpín Ardán Cainte Europe Direct Bhaile Bhlainséir ar an mBruiséil i ndiaidh a bua suntasach ag an gComórtas Náisiúnta ag 6 Sráid Chill Dara ar an 20 Samhain.
Imeachtaí Rannpháirtíochta Poiblí le reáchtáil maidir le Bealach Cósta Fhine Gall
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag moladh go bhforbrófaí Bealach Cósta Fhine Gall, a sholáthróidh bealach siúil agus rothaíochta ar ardchaighdeán, sábháilte, mealltach agus báúil don timpeallacht cois cósta do phobal Fhine Gall, a chruthóidh nasc idir Diméin an Droichid Nua, Domhnach Bat, An Ros, Loch Sionnaigh, Na Sceirí agus Baile Brigín.
Seolann Líonra Áiseanna Pobail Fhine Gall an Leabhrán Faisnéise ‘Pobail a Cheangal’
Sheol Líonra Áiseanna Pobail Fhine Gall leabhrán faisnéise a sholáthraíonn eolas ar an réimse seirbhísí, áiseanna agus gníomhaíochtaí atá ar fáil i measc gach cinn de na 31 áis phobail lena dtacaíonn Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall.
Clár na Nollag chun spiorad na féile a thabhairt chun beochta i bhFine Gall
Tá sé mar aidhm le clár imeachtaí Nollag Chomhairle Contae Fhine Gall spiorad na féile a thabhairt chun beochta do phobal an cheantair, idir óg agus aosta.
Tairseach Foghlama Fhine Gall Sláintiúil
Tá ardán ar líne nuálach chun tacú le hoideachas spóirt agus sláinte leanaí scoile ar a dtugtar Tairseach Foghlama Fhine Gall Sláintiúil seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall.
Bealach Coisithe agus Rothar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill, Baile Brigín
Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall áiseanna feabhsaithe do choisithe agus rothaithe a chur ar fáil ar Bhóthar Hamilton agus ar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill i mBaile Brigín.
Míle Deireanach MarathonKids i Staid de Mortún
Rith breis is 5,500 dalta ó rang 5 & 6, i 87 scoil agus 25.2 míle thar 8 seachtaine. Bhí siad i mbun traenála 4 huaire in aghaidh na seachtaine ar scoil sular éirigh leo an míle deireanach a rith ag imeacht speisialta 1-mhíle a reáchtáladh ar an 13 Samhain. Bhí Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly agus Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, i láthair nuair a bhí an míle deireanach á rith.
Boscaí bruscair chliste inbhalctha grianchumhachtaithe seolta i mBinn Éadair ag Comhairle Contae Fhine Gall
Sheol Comhairle Contae Fhine Gall 35 bosca bruscair inbhalctha grianchumhachtaithe i bpríomhbhaile turasóireachta Bhinn Éadair, tar éis scéim thrialach ar éirigh go maith léi.