Blasanna Fhine Gall Beidh imeacht Blasanna Fhine Gall, an seó teaghlaigh contae is mó agus is lánghníomhaí in Éirinn, na bliana seo ar siúl Dé Sathairn an 29 Meitheamh agus Dé Domhnaigh an 30 Meitheamh
Seoladh Oifigiúil Slí Naomh Pádraig & Conair Ealaíne Dé Sathairn D’fhorbair Comhairle Contae Fhine Gall Slí Naomh Pádraig & Conair Ealaíne le tacaíocht mhaoinithe ó Scéim na mBailte Ceann Scríbe 2020-2023 de chuid Fáilte Ireland, agus seolfar é Dé Sathairn 22ú Meitheamh ag 12in i gClub Seoltóireachta na Sceirí.
Torthaí Cáilíochta Uisce Snámha is Déanaí Sna torthaí tástála Cáilíochta Uisce Snámha is déanaí tá an caighdeán “sármhaith” uisce bainte amach ag na huiscí snámha sainaitheanta i bhFine Gall go léir
Fógra faoi Chruinniú Cinn Bhliana Tionólfar Cruinniú Cinn Bhliana Chomhairle Contae Fhine Gall Dé hAoine, 21ú Meitheamh 2024 ag 4.00 i.n. i Seomra na Comhairle, Áras an Chontae, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath.
Téann Comhairle Contae Fhine Gall agus Éire Cruthaitheach i gcomhar leis an bhFéile sa Veain le haghaidh turas 6-lá, 12 stad ar Chontae Fhine Gall I gcomhar nua le Comhairle Contae Fhine Gall, beidh An Fhéile sa Vean arís ar an mbóthar le linn mí Mheithimh seo chugainn le haghaidh turas sé lá dar teideal Sounds Like Summer: Féile Fhine Gall sa Veain chun grianstad samhraidh na bliana seo a cheiliúradh agus áthas an mheánshamhraidh a chothú le muintir agus pobail na háite – ag tabhairt an cheoil, an fhocail ó bhéal agus an rince go gach aird Fhine Gall.
Comhairle Contae Fhine Gall agus Gradam Stiúideo an RHA 2024 Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le Scoil an Acadaimh Ibeirneach Ríoga (RHA), Gradam Stiúideo an RHA 2024 a fhógairt. Tugann an gradam mór le rá seo spás stiúideo maoinithe ar feadh bliana d’ealaíontóir gairmiúil, ag tosú i mí Dheireadh Fómhair 2024.