Siúlóid An Chósta: Domhnach Bat go Port Reachrann Ón líne chladaigh den chabhsa iarnróid i nDomhnach Bat, siúil soir taobh le hInbhear an Mhóinéir Leathain.
Siúlóid an Chósta: Port Mearnóg go Mullach Íde Tosaigh amach ar bhóthar cósta Phort Mearnóg, trasna ar thrá Phort Mearnóg agus thar Eaglais Naomh Mearnóg de chuid an 9ú haois.
Siúlóid an Chósta: Binn Éadair trí Chill Fhiontain go Baile Dúill Ón gcladach i mBinn Éadair, teigh ag fánaíocht ar do shuaimhneas feadh an chósta fíorálainn sin.
Muilte na Sceirí Tugann an coimpléasc atá go hiomlán athchóirithe beocht d’obair fhíreanta mhuilinn gaoithe le cúig seolta, muileann gaoithe le ceithre seolta, muileann uisce agus bácús ó na 1800í.
Páirc Réigiúnach Ghleann na Tulchann Cuimsítear breis agus 140 heicteár sa pháirc. Tá saibhreas de bheatha phlandaí agus ainmhithe i ngleann na habhann agus tearmann don bhithéagsúlacht atá ann laistigh den chathair, agus den stair áitiúil.
Páirc Réigiúnach Dhiméin Sheantraibh Osclaíodh Diméin Sheantraibh mar pháirc réigiúnach in 2004. Cuimsítear sa suíomh páirc 72 acra agus páirc líneach 15 acra ar bhruach Abhainn Sheantraibh
Trá an Choinicéir Is trá ghainimh í Trá an Choinicéir i gCill Fhionntain atá 1.2km ar fad agus a cheanglaíonn Binn Éadair leis an mórthír.
Trá Claremont Is trá bheag atá cosúil le cuas í Trá Claremont atá cóngarach don chalafort i mBinn Éadair.
Trá Mhullach Íde Tá Trá Mhullach Íde 2km ar fad agus tá inbhear agus muiríne inti.