Beidh Leabharlanna Fhine Gall ag athoscailt ón Luan seo chugainn (8 Meitheamh) le seirbhís ‘Déan Teagmháil agus Bailigh’ a ligfidh do bhaill leas a bhaint as próiseas simplí chun leabhair, DVDanna agus ábhair eile a fháil ar iasacht ón mbrainse leabharlainne is gaire dóibh agus iad ag cloí le treoirlínte sláinte poiblí.
Chuir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, tús leis an tsraith trí dhaoine óga a spreagadh chun fanacht gníomhach agus chun a scileanna peile féin ‘ciceáil san aer’ a léiriú, le físeán atá ar fáil ag https://bit.ly/3bWhKFk – agus thug sé dúshlán gach comhairleoir Fhine Gall ar Twitter.
Tá na deasca pleanála poiblí le hathoscailt ar an gCéadaoin, an 27ú Bealtaine 2020, ach caithfear coinne a dhéanamh roimh ré agus ní féidir breathnú ach ar iarratais phleanála reatha. Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a chur isteach agus na dátaí ar a bhfuil cinntí dlite le haghaidh iarratas faighte idir an 30ú Márta agus an 22ú Bealtaine, an29ú Meitheamh 2020 agus an 20ú Iúil 2020 faoi seach.
Reáchtáil Comhairle Contae Fhine Gall comórtas le déanaí do gach club sacair agus rugbaí atá lonnaithe i bhFine Gall chun trí ghníomh atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shainaithint agus tabhairt fúthu.
Oidhreacht ón mBaile: Tá thart ar 50 tobar naofa i bhFine Gall. Díol ómóis ba ea an t-uisce chomh fada siar leis an réamhstair, nuair a chaití daoine ofrálacha i bhfoinsí uisce, aibhneacha agus lochanna - agus déanaimid aithris ar an traidisiún sin nuair a chaithimid boinn i bhfuarán inniu.