Faigh amach conas is féidir tacú le daoine óga atá buartha agus a bhfuil scaoll orthu sa seimineár gréasáin seo le Michael Ryan don Tionscadal Folláine Scoileanna, arna mhaoiniú ag Ciste na gCuntas Díomhaoin do Leabharlanna Fhine Gall.
Rinne údarás an aerfoirt iarratas chun coinníollacha pleanála a bhaineann le srianta oibriúcháin ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a athrú chuig Roinn Pleanála Chomhairle Contae Fhine Gall. Agus a shainchúram reachtúil á chomhlíonadh aige, tá ANCA ag cur tús anois le measúnú ar an staid torainn ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
D’eisigh Comhairle Contae Fhine Gall 75 Fógra Íocaíochta Seasta d’úinéirí feithiclí tar éis dhá mhór-oibríocht Feithicil Deireadh Saoil (ELV) ag Lána Dhún Sinche, Fionnghlas, Baile Átha Cliath 11 agus Lána Naomh Críostóir, Ceapach, Baile Átha Cliath 11 i mí Iúil agus Deireadh Fómhair 2020.