Uisce CCanna
Ghlac Uisce Éireann (UÉ) freagracht as oibriú na seirbhísí uisce poiblí, lena n-áirítear cóireáil agus soláthar uisce agus soláthar seirbhísí fuíolluisce (séarach bréan) do thithe agus gnóthaí ón 1 Eanáir 2014.
Tá Údaráis Áitiúla ag leanúint le seirbhísí uisce a sholáthar thar ceann UÉ de réir Chomhaontú Leibhéal Seirbhíse (CLS), prótacail chomhaontaithe agus Plean Seirbhíse Bliantúil (PSB) mionsonraithe a nascann gníomhaíochtaí oibríochtúla le buiséid.
Tá Comhairle Contae Fhine Gall freagrach as:
- Ceangail Nua Uisce Dromchla
- A chinntiú go bhfuil Soláthraithe Príobháideacha Rialaithe Uisce cláraithe, agus go bhfuil uisce á sholáthar acu atá sláintiúil agus glan agus a chomhlíonann ceanglais Rialacháin Uisce Óil 2014.
- Faisnéis a sholáthar d’úinéirí agus d’úsáideoirí soláthairtí príobháideacha neamhrialaithe uisce maidir leis na rioscaí a bhaineann le héilliú agus comhairle maidir le céard is féidir leo a dhéanamh chun a soláthairí a chosaint agus a choimeád sábháilte.
- Deontais chun Píobáin Luaidhe a Athsholáthar agus Deontais le haghaidh Toibreacha
- Iarratais le haghaidh Doirteadh chuig Uisce Dromchla agus Doirteadh chuig Screamhuisce
- Monatóireacht ar Cháilíocht Uisce Abhann agus Uisce Locha
- Tuilte (seachas fadhbanna séarachais)
Is é Uisce Éireann a dhéileálann leis na fadhbanna seo.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann:
- trí Twitter ag @IWCare
- ar an teileafón ag 1850 278 278
- ar Facebook ag https://www.facebook.com/IrishWater/