Ag Dathú Oidhreacht Fhine Gall seolta le linn na Seachtaine Oidhreachta

Sheol Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall leabhar dathúcháin iontach Ag Dathú Oidhreacht Fhine Gall le linn na seachtaine oidhreachta.

Colouring Fingal launch

Sheol Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall leabhar dathúcháin iontach Ag Dathú Oidhreacht Fhine Gall le linn na seachtaine oidhreachta. Sheol Leas-Mhéara Fhine Gall an Comhairleoir Rob O’Donoghue an leabhar a thaispeánann léaráidí iontacha a léiríonn croílár oidhreacht eisceachtúil Fhine Gall i gCaisleán Sord chomh maith le hAiltire Contae Fhine Gall Fionnuala May agus an tOifigeach Oidhreachta Christine Baker.

Trí oidhreacht chultúrtha a mheaitseáil le cruthaitheacht, tá sé mar aidhm ag an bhfoilseachán seo na suíomhanna agus scéalta seo a  chur i láthair do lucht leanúna nua agus éagsúil, idir óg is aosta! Tá mionsonraí éagsúla sna líníochtaí chun gach leibhéal a spreagadh chun taitneamh a bhaint as dathú. Tá formhór na suíomhanna atá san áireamh oscailte don phobal agus is féidir leis an teaghlach ar fad taitneamh a bhaint astu.

Ag trácht dó ar an bhfoilseachán dúirt Leas-Mhéara O’Donoghue “Tá clár iontach curtha le chéile ag Oifig Oidhreachta Fhine Gall do Sheachtain Oidhreachta 2020 agus tá an-áthas orm an deis seo a bheith agam an foilseachán Ag Dathú Oidhreacht Fhine Gall a sheoladh mar chuid de. Tá íomhánna sa leabhar ó gach cearn den chontae lena n-áirítear Muilte na Sceirí, Cuan Bhaile Brigín, Séipéal Chluain Saileach, An Chanáil Ríoga, Tobar Naofa Mullach Eadrad agus Lochlannaigh Bhaile Dúill!. Is cinnte go mbeidh rud ann do gach duine.”

‘Baineann oidhreacht le gach duine’ a dúirt Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker ‘Agus tá sé tábhachtach chun scéalta Fhine Gall san am atá thart a roinnt lenár saoránaigh níos óige i slí inrochtana.’

Agus Seachtain Oidhreachta 2020 á cheiliúradh aige le cuairt ar Chaisleán Sord, tugadh cóip den leabhar dathúcháin don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Darragh O’Brien T.D. agus Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta.

Ba í Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta, a rinne an tionscadal i gcomhar le Sara Nylund ó Oidhreacht Abarta. Is féidir cóipeanna a bhailiú ó Leabharlanna Fhine Gall le linn na Seachtaine Oidhreachta; a iarrtar ón Oifig Oidhreachta, nó is féidir leat na leathanaigh aonair a íoslódáil https://www.fingal.ie/colouring-fingals-heritage

https://www.fingal.ie/national-heritage-week-2020   

www.heritageweek.ie