Ba mhaith le Fine Gall cloisteáil faoi na laochra neamhaitheanta atá ag déanamh difríochta

Tá ainmniúcháin oscailte anois chun Laochra Pobail a aimsiú ar fud Fhine Gall atá ag cabhrú le saol daoine eile a athrú chun feabhais.

Nominations are now open to find Community Champions in Fingal

Bíodh sé fuinneoga comharsan a ní, ag baint féir do dhuine, ag bailiú cógais gach seachtain nó ag tabhairt aire don timpeallacht, ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall cloisteáil faoi na hiarrachtaí suntasacha atá déanta ag daoine ina gceantar áitiúil agus iad ag iarraidh cabhrú le daoine eile.

Tá a fhios againn go bhfuil daoine ag faire amach dá chéile go mórmhór, agus anois ba mhaith linn aitheantas a thabhairt do na daoine aonair sin a bhfuil croí mór acu mar chuid de Ghradaim Seaimpíní Pobail an Mhéara 2023. Sin an fáth go bhfuilimid ag iarraidh ar gach duine na scéalta a roinnt linn faoin méid atá ar siúl agus ainmniúcháin a chur ar aghaidh lena mbreithniú ag painéal neamhspleách saineolaithe.

Agus é ag fógairt fhócas ghradaim na bliana seo, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: “Cuireann an méid dochreidte obair dheonach a dhéanann an méid sin daoine ar fud Fhine Gall ionadh orm i gcónaí. Idir teach comharsan a ghlanadh, aire a thabhairt do ghairdín duine éigin, teachtaireachtaí a dhéanamh do dhaoine nó crainn a chur, tá an t-ádh dearg ar an gContae go bhfuil tréaniarrachtaí den sórt sin á dhéanamh ag daoine chun fíordhifríocht a dhéanamh i saolta daoine eile.

“Anois, ba mhaith linn éachtaí na laochra neamhaitheanta seo a aimsiú agus a aithint agus onóir a bhronnadh ar na daoine sin a oibríonn gan staonadh trí iarraidh ar mhuintir Fhine Gall a bheith linn agus sinn á rá Bualadh Bos do Sheaimpíní an Phobail.”

Hands Up for Community Champions

I mbliana ba mhaith linn aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ag obair go dian dícheallach i go leor áiteanna agus i róil éagsúla. Is daoine iad seo a chuireann go dearfach lena bpobal áitiúil agus tá siad ag spreagadh daoine eile chun an rud céanna a dhéanamh. B’fhéidir gur seanóir atá ann a thaispeánann dúinn nach bacainn í an aois chun cabhrú le daoine eile, duine atá ag cabhrú le tionchar dearfach a bheith acu ar chúrsaí spóirt nó ar an timpeallacht ina gceantar áitiúil, nó duine a bhfuil a dtiomantas don Ghaeilge ag cur le próifíl na teanga ar fud Fhine Gall.

Pé rud atá ann, tá na daoine inspioráideacha seo ag cur le saol daoine eile ar fud an Chontae agus ba mhaith linn a scéal a chloisteáil. Tá na hainmniúcháin ar oscailt anois agus is féidir iad a dhéanamh am ar bith suas go dtí 5in Déardaoin 20ú Aibreán. Is féidir sonraí faoi Ghradaim an Mhéara agus conas duine a ainmniú a fháil ar láithreán gréasáin na Comhairle: https://www.fingal.ie/mayors-awards-2023. Fógrófar Seaimpíní an Phobail ag dinnéar ceiliúrtha speisialta ar an 1 Meitheamh.

Tuilleadh eolais faoi Ghradaim an Mhéara anseo: https://youtu.be/LkrL8sPCGjE

Fingal wants everyone to put their hands up for Community Champions