Tairiscint Eisithe um Oibreacha Cumasaithe do Cheathrú Chultúrtha Shoird

Tá tairiscint foilsithe ag Comhairle Contae Fhine Gall a fógraíonn céim forbartha eile de chuid thionscadal Cheathrú Chultúrtha Shoird.

Tagann sé seo tar éis bronnadh an chead pleanála i mí Mheán Fómhair d'Ionad Cathartha agus Cultúir Shoird a chuimsíonn leabharlann contae, agus ionad amharclannaíochta agus ealaíon.

Baineann an tairiscint le Scartáil, Tochailt Maoirsithe na Seandálaíochta agus Oibreacha Cumasaithe ar shuíomh Ionad Cathartha agus Cultúir Shoird atá suite in aice le Teach Cúirte Shoird agus atá á usáid mar charrchlós faoi láthair. Sé an 7 Feabhra 2023 dáta fillte dheiridh na tairisceana.

Cuirfear na hoibreacha tairisceana i gcrích roimh an bpríomhchonradh a thairgfear níos déanaí sa bhliain 2023.

Swords Cultural Centre Site Plan