Atmaisféar iontach ag Cóisir Faire Oifig Spóirt Fhine Gall i mBaile Bhlainséir

Eagraithe i gcomhpháirtíocht le Spórt Éireann agus Active Cities ag Campas Spórt Éireann i mBaile Bhlainséir, bhí 1,500 duine i láthair ag an ócáid, lena n-áirítear Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy agus Ambasadóir na hAstráile, Gary Gray.

Gary Gray and Adrian Henchy

Cuireadh tús leis an gceiliúradh le paráid de lucht tacaíochta óg ag siúl ó Chorr Dubh go dtí Airéine Faoi Dhíon Spóirt Éireann. Nuair a d'oscail na doirse ag 09:30am, ní raibh le feiceáil ach dath uaine agus teaghlaigh óga díograiseacha a tháinig amach i ndathanna in Éirinn. Breathnaíodh ar an gcluiche ar thrí scáileán mhóra ón tosach ag 11.00am agus bhí go leor gníomhaíochtaí eile ann chun siamsaíocht a thabhairt don lucht féachana níos óige lena n-áirítear balúin ollmhóra agus liathróid peile/clár dairteanna ollmhóra.

Fuair an ócáid tacaíocht iontach ó ionadaithe tofa, lena n-áirítear an tAire Jack Chambers TD, Niamh Smyth TD, na Seanadóirí Malcolm Byrne, Emer Currie, Shane Cassells agus Malcolm Byrne chomh maith le Comhairleoirí Fhine Gall Tom Kitt, Siobhan Shovlin agus Ted Leddy.

Womens World Cup Watch Party Mayor photo with politicians

Cé nár éirigh linn sa chluiche, choinnigh DJ Crossy an slua in ardghiúmar, ag tabhairt dhá gheansaí Éireannacha sínithe don bheirt lucht leanúna is dea-ghléasta le hAmbasadóir na hAstráile ag bronnadh. Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Ócáid den scoth a bhí ann agus bhí an t-atmaisféar iontach agus fonn spraoi ar phobal áitiúil Bhaile Bhlainséir! Bhí sé iontach an oiread sin de mo chomh-ionadaithe tofa a fheiceáil i láthair agus Ambasadóir na hAstráile freisin. Tá a fhios agam go raibh an tAmbasadóir Gray sásta leis an toradh ar a laghad. Maith sibh d'Oifig Spóirt Fhine Gall agus do gach duine a d'oibrigh gan stad gan staonadh chun é seo a eagrú. Leanfaimid orainn ag tacú leis na mná san Astráil, agus táimid bródúil as gach a bhfuil bainte amach acu cheana féin!"

Gary Gray World Cup Watch Party Giveaway 2023

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Fhine Gall: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd go léir a tháinig chun a dtacaíocht a léiriú d'Fhoireann Náisiúnta Ban na hÉireann agus d'fhoireann na hOifige Spóirt as an ócáid iontach seo a eagrú. "Is léiriú é an ócáid seo ar ár dtiomantas do pheil na mban sa phobal agus ar éachtaí dochreidte Fhoireann na hÉireann. Ba dheis iontach é do lucht leanúna teacht le chéile agus moladh a thabhairt dár bhfoireann náisiúnta a bhfuil an oiread sin bainte amach acu.’

Is de bhunadh na háite Izzy Atkinson agus Diane Caldwell atá mar chuid de scuad Chorn Domhanda na hÉireann. Guíonn Comhairle Contae Fhine Gall gach rath orthu féin agus ar scuad iomlán na hÉireann i gcoinne Cheanada Dé Céadaoin agus an Nigéir an 31 Iúil!

WWCWP 2023 Waving Irish Flags