Clár Oideachas Rialtais Áitiúl

Council chamber 2

RÉAMHRÁ

Mar chuid de na hiarrachtaí níos leithne againne atá dírithe ar rannpháirtíocht na mban agus daoine ó phobail éagsúlachta sa pholaitíocht áitiúil a mhéadú, tá Comhairle Contae Fhine Gall i ndiaidh clár Oideachais agus Meantóireachta Rialtais Áitiúil a fhorbairt, le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, a chuirfidh eolas, treoir agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd ar spéis leo bheith ina gcomhaltaí tofa den Chomhairle nó cabhrú le daoine eile a thoghadh ar an gComhairle.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Sher Her Elected, leis an Scoil Dlí agus Rialtais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus leis na grúpaí polaitiúla ar Chomhairle Contae Fhine Gall faoi láthair chun clár dhá chéim a chur le cheile a dhíreoidh ar líon na n-iarrthóirí baineanna agus na n-iarrthóirí ó phobail éagsúlachta in iomaíocht do shuíocháin ar Chomhairle Contae Fhine Gall ag Toghcháin Áitiúla 2024 a mhéadú.

Cuirfear tús leis an gcúrsa ar líne Dé Máirt an 10 Eanáir agus beidh gach modúl ar siúl ó 7in go dtí 8in. Tosóidh siad le léiriú an ábhair agus beidh seisiúin ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh sin ina spreagfar rannpháirtíocht iad siúd atá páirt á glacadh acu.

Sé sceideal an chúrsa ná:

 

•           Eanáir 10 –  Bunchúrsa faoin bPolataíocht in Éirinn

 

•           Eanáir  17 – An Tábhacht a Baineann le Páirt a Ghlacadh sa Rialtas Áitiúil

 

•           Eanáir  24 – An Chomhairle

 

•           Eanáir  31 – Do Nead Polaitiúil a Aimsiú

 

 AN CLÁR

Tá dhá chéim sa chlár.

Ta ceithre mhodúl sa chéad chéim faoi oideachas.

 

Modúl 1: Bunchúrsa faoi Pholataíocht na hÉireann

Á chur i láthair ag an Ollamh Gary Murphy ó Scoil an Dlí agus Rialtais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, pléifidh an modúl seo le struchtúr an daonlathais in Éirinn, comhdhéanamh na timpeallachta pholaitiúla in Éirinn agus an tábhacht a baineann le Rialtais Áitiúil.

Modúl 2: An tábhacht a bhaineann le páirt a ghlacadh sa Rialtas Áitiúil

Á chur i láthair ag Mairead O’Shea, Bainisteoir Cumarsáide le See Her Elected agus Oifigeach Imeasctha Chomhairle Contae Fhine Gall, Valerie McAllorum Byrne, míneoidh an modúl seo cén fáth a bhfuil gá le tuilleadh ban agus daoine ó chúlraí éagsúla sa Rialtas Áitiúil.

Modúl 3: An Chomhairle

Á chur i láthair ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, míneoidh an modúl seo conas a oibríonn Comhairle Contae Fhine Gall agus tabharfaidh sé léargas freisin ar ról an Chomhairleora.

Modúl 4: Do nead polaitiúil a aimsiú.

Sé cuspóir an mhodúil seo ná deis a thabhairt do rannpháirtithe an chúrsa tairiscint cúig nóiméad a chloisteáil ó gach grúpa polaitiúil ar Chomhairle Contae Fhine Gall maidir le cén fáth ar cheart dóibh smaoineamh ar dhul i gcomhar leo. Siad na grúpaí polaitiúla ar Chomhairle Contae Fhine Gall faoi láthair ná: Fianna Fáil, Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, An Comhaontas Glas, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, Neamhspleáigh ar son Athraithe (Independents4Change), Don Phobal seachas don Bhrabús (People before Profit) agus Neamhspleáigh

Déanfar na modúil a thaifeadadh agus a chur ar fáil do gach rannpháirtí.

Tar éis do mhodúl deiridh den chéim Oideachais a chríochnú, spreagfar na rannpháirtithe dul i dteagmháil leis an ngrúpa polaitiúil a cheapann siad atá is báúil dá gcuid tuairimí. Tagann deireadh le ról Comhairle Contae Fhine Gall sa phróiseas ansin agus glacfaidh na grúpaí polaitiúla ceannas air agus oibreoidh siad leo siúd a rinne teagmháil leo d'fhonn á bhforbairt ina n-iarrthóirí ionchasacha nó ina n-oibrithe toghcháin i dToghcháin Áitiúla na bliana 2024.

 

CONAS IS FÉIDIR LEAT CLÁRÚ

Ní mór dóibh siúd ar mian leo páirt a ghlacadh clárú tríd an bhfoirm ar líne atá ar fáil i ndiaidh duit cliceáil anseo.

Tá an clár ar fáil d'éinne nár toghadh nó nár comhthoghadh riamh ar Chomhairle Contae, ar Chomhairle Cathrach, ar Chomhairle Baile, ar Choimisinéirí Baile, ar Dháil Éireann nó ar Sheanad Éireann.

Cuirimid fáile ar leith roimh mná agus rompu siúd ó chúlra éagsúil páirt a ghlacadh sa chlár.

Sé Dé hAoine an 7 Feabhra 2023 an dáta fillte dheiridh le haghaidh clárú.