Ranganna ealaíne le Noel Manning

Oiriúnach do thosaitheoirí, do dhaoine fásta agus do dhéagóirí a bhfuil taithí acu cheana féin (aois 15+)

Ranganna neamhfhoirmiúla, duine le duine, atá i gceist, dírithe ar an meán a roghnaíonn an scoláire; Uiscedhathanna, Péintéireacht Ola, Aicrileach, Pastail srl. agus an t-ábhar chomh maith, i.e. radharcanna tíre, radharcanna muir, an phéintéireacht fíorach, srl.
Eiseamláir: Áireofar buntús portráidíochta, idir an líníocht agus an phéintéireacht, sa rang, de réir mar atá cuid de na mic léinn tar éis iarraidh air, ach ag an am céanna tá cead agat do chuid tionscadail féin a dhéanamh sa rang chomh maith. Is ar an treoir agus an meantóireacht atá an bhéim leagtha, seachas ar an 'Teagasc'.

Tá líon teoranta d’áiteanna ar an gcúrsa seo.

Is ealaíontóir lánaimseartha agus múinteoir é Noel Manning, a bhfuil taithí aige de bheith ag múineadh i Meánscoileanna agus in go leor Grúpaí Ealaíne. Tá saothair dá chuid le feiceáil in a lán bailliúchán príobháideach, agus i measc na háiteanna a bhfuil taispeántas déanta aige dá chuid ealaíne, áirítear:
Acadamh Ríoga Uladh, Oibreacha Beaga Iontas, An tOireachtas, agus go leor taispeántais, idir taispeántais aonair agus grúpa araon.

Tá gradaim bronnta air ó Chlub Ealaíon Uladh, agus ón Boyle Arts Festival Open.

Ó 11am go 1pm

Cead isteach: €160.00 le haghaidh 11 seachtaine (an 15 Eanáir go dtí an 3 Aibreánm, le sos le linn sheachtain Naomh Pádraig)

 

Doirse ar Oscailt: 10:30am
Cuirtear Tús Leis ag: 11:00am

Cead Isteach:

Roimh ré: €160