News

in
in
31 Mar 2020
COVID-19

Córas Pleanála - Ar Oscailt le haghaidh Gnó

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag féachaint lena chinntiú go bhfuil gach iarracht á dhéanamh chun an córas pleanála a choinneáil ar siúl ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir i gcomhthéacs na comhairle sláinte poiblí is deireanaí le linn na hÉigeandála seo COVID-19.

31 Mar 2020
COVID-19

Fógra Poiblí maidir le Tionóntachtaí HAP

I bhfianaise staid COVID-19 agus na bhfógraí a rinne an Rialtas le déanaí maidir le bearta atá á nglacadh chun leathadh Covid-19 a chomhrac, cuirtear an fhaisnéis seo a leanas in iúl do thionóntaí HAP, chun leanúnachas tionóntachtaí HAP a chinntiú:

31 Mar 2020
COVID-19

Scéim Chistithe Freagairt Phobal Fhine Gall do COVID-19

an Scéim Chistithe Freagairt Phobal Fhine Gall do scéim Cistithe COVID-19 á cur ar siúl ag Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall chun tacú le grúpaí deonacha agus pobail chun freagairt pobail áitiúil a sholáthar do COVID-19 i bhFine Gall. Tabharfar tús áite do thionscnaimh a dhéanann iarracht chun fairsinge an víris a shrianadh agus a theorannú, chun oibrithe deonacha a chosaint agus chun tacú le baill leochaileacha inár bpobal

20 Mar 2020
COVID-19

Leanfaidh an Chomhairle le hidirchaidreamh a dhéanamh le gnólachtaí maidir le rátaí a chur siar

Leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall le hidirchaidreamh a dhéanamh le gnólachtaí a bhfuil tionchar á imirt ag géarchéim reatha COVID-19 orthu i ndiaidh gur fhógair an Rialtas inniu gur cheart d’údaráis áitiúla comhaontú a dhéanamh ar íocaíochtaí rátaí atá á ndéanamh ag na gnólachtaí is mó a bhfuil tionchar á imirt orthu a chur siar go dtí deireadh mhí na Bealtaine