D’oscail Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien Cúirteanna Búlaí/Petanque Pháirc Alden go hoifigiúil Dé Luain, an 17 Feabhra. Cuirfidh na cúirteanna go mór leis an bPáirc agus cabhróidh siad le freastal ar riachtanais chaitheamh aimsire an daonra níos sine ar aon dul le Straitéis Aoisbhá 2018-2023 na Comhairle.