Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall páirt a ghlacadh san fhéile eolaíochta agus teicneolaíochta is spleodraí in Éirinn, atá ar siúl go dtí an Satharn (11ú Eanáir) san RDS, Baile Átha Cliath.
Lorgaíonn Comhairle Contae Fhine Gall iarratais ó ealaíontóirí ar dhuais ar fiú suas le €4,000 í. Tá an duais ar fáil chun tacú le deiseanna taistil agus forbartha gairmiúla, cónaitheacht, nó saothar a fhorbairt.
Tá scoláirí meánscoile ar fud Fhine Gall dóchasach go nglacfaidh siad páirt sa Bhabhta Ceannais i bPáirc an Chrócaigh i 2020 tar éis an Clár Fiontair do Scoláirí (CFS) 2019/2020 de chuid Oifigí Fiontair Áitiúla (OFÁanna) a sheoladh.
Tá Oifig Ealaíon Fhine Gall tar éis sárthaispeántas de shaothar fíor-speisialta a chur i láthair ar forbraíodh é mar chuid de thionscnamh úrnua atá á dhéanamh i gcomhar le hAmharclann Afáise na hÉireann (IAT).
Tá feachtas feasachta poiblí seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall, ag díriú ar na contúirtí do leanaí a bhaineann le Cuadrothair agus le Rothar Streachailte. Tacaíonn an feachtas fógraí pictiúrlainne leis an tionscnamh seolta le déanaí ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus ag an nGarda Síochána,agus taispeánfar é i bpictiúrlanna ar fud Fhine Gall .
Ainmníodh Comhairle Contae Fhine Gall mar Údarás Áitiúil na Bliana ag Gradaim Aitheantais InBusiness 2019. Rinne Leas-Mhéara Fhine Gall an Comhairleoir Tom Kitt an gradam a ghlacadh, ag an searmanas bronnta in Óstán Westbury i mBaile Átha Cliath.
Cuirfidh an bhliain nua tús le ré nua don bhaile is óige in Éirinn de réir mar a bheidh éifeacht phlean athnuachana Ár mBaile Brigín le feiceáil sa cheantar.