An Chéad Seachtain Fiontraíochta Áitiúil Fíorúil Ina Rath Mór d’Fhine Gall  

Ghlac níos mó ná 2,000 fiontraí óga agus úinéirí gnó i bhFine Gall páirt in imeachtaí ar líne an tseachtain seo, ag comóradh Seachtain na Fiontraíochta Áitiúla (LEW), ón 1ú – 5ú Márta, a bhí ina rath mór d’Oifig Fiontar Áitiúil (OFA) Fhine Gall.

 

 

Tionscnamh bliantúil ó na 31 OFAanna timpeall na tíre, lena n-áirítear OFA Fhine Gall, bhí níos mó ná 270 imeacht ar siúl faoin téama ‘Ag Cur I gCrích É’ a mheall níos mó ná 10,700 áirithint go náisiúnta.

Le tacaíocht ó Chomhairle Contae Fhine Gall (FCC) agus Fiontraíocht Éireann (FÉ), d’óstáil OFA Fhine Gall 11 imeacht do ghnóanna áitiúla an tseachtain seo, chomh maith le 10 n-imeacht Spotsolais a bhí oscailte do ghnóanna ar fud na tíre.

D’oscail An Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar T.D. an chéad imeacht Spotsolais do Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla 2021 go hoifigiúil agus sheol sé an clár nua ‘Green for Micro’ ar an Luan, a chuidíonn le gnóanna beaga dícharbónú agus a bheith níos inbhuanaithe. Labhair An tAire Stáit um Chur Chun Cinn Trádála, Rialú Digiteach agus Rialála Cuideachta, Robert Troy T.D. ag imeacht Spotsolais eile ar an lá oscailte, a dhírigh ar cheannaireacht agus athléimneacht a fhorbairt,

Ag labhairt dó ag an seimineár gréasáin “Ag Obair Níos Cliste Chun Do Ghnó A Ullmhú Don Todhchaí” ar an Luan, chun tús a chur le Seachtain na Fiontraíochta Áitiúla i bhFine Gall, leag Méara Fhine Gall, An Comhairleoir. David Healey béim ar an ngá atá le gach fiontar beag an deis a thapú chun leas a bhaint as an raon leathan tacaíochtaí atá ar fáil dóibh sna hamanta dúshlánacha seo: “Tríd ár nOifig Fiontar Áitiúil, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag soláthar seirbhísí agus cúnaimh ríthábhachtach do ghnóanna áitiúla. Ba mhaith linn a chinntiú go mbaineann ár FBManna leas as na cláir agus na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil dóibh tríd an OFA agus comhlachtaí stáit eile”.

I measc bhuaicphointí na seachtaine bhí: iliomad aoi láithrithe ag buaiteoir na nGradam Fiontraíochta Náisiúnta Derya Sousa; an seimineár gréasáin “Instagram don Ghnó” a bhfuil an-tóir air i gcónaí; seisiún ar líne Líonra na mBan Fiontraíoch Fhine Gall (FEWN) ina raibh an láithreoir teilifíse agus fiontraí iomráiteach Gráinne Seoige—ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan; agus seoladh oifigiúil an chéad séasúr de “Podchraoladh Gnó Fhine Gall”—leis an gcéad chlár ina raibh eochairchainteoir na bliana seo caite: ainmní ‘Daytime Grammy’, chef mór le rá agus bean ghnó Catherine Fulvio.

Ag an imeacht deiridh Spotsolais do Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla ar an Aoine, a bhí á óstáil ag OFA Fhine Gall, dhírigh An tAire Gnó, Fostaíochta agus Miondíola, Damien English T.D. ar an gcaoi a bhféadfadh gnóanna beaga buntáiste digiteach a fháil trí an Scéim Dearbhán Trádála Ar Líne — ag tabhairt an deis do ghnóanna beaga a láithreán gréasáin nó a straitéis mhargaíochta digití a fhorbairt trí dheontas suas le €2,500 a fháil.

Dhún Iníon AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall Seachtain na Fiontraíochta Áitiúla i bhFine Gall, ag an ócáid bhliantúil lóin FEWN. Ag labhairt di le níos mó ná 200 bean ghnó, dúirt sí: “Beagnach bliain ó seoladh imeachtaí ar líne Líonra na mBan Fiontraíoch Fhine Gall, tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta d’ardán ar líne a sholáthar do mhná gnó sa réigiún, a ligeann dóibh nasc a dhéanamh lena chéile agus líonraí tacaíochta a bhfuil géarghá leo a thógáil”.

Ag labhairt mhullaigh Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla 2021, dúirt Ceann Fiontar i bhFine Gall, Oisín Geoghegan: “Bhogamar ár n-imeachtaí go léir do Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla ar líne don chéad uair, rud a d’fhág go raibh siad chomh inrochtana agus ab fhéidir do ghnóanna áitiúla. Seachtain thar a bheith rathúil a bhí ann mar bhí os cionn 2,000 gnó nuathionscanta againn ón gcontae ag foghlaim faoi réimsí cosúil leis an ngeilleagar glas, ag éirí níos iomaíche agus níos éifeachtúla ó thaobh airgid de, ag iniúchadh deiseanna nua ar líne chomh maith le fáil amach cad iad na tacaíochtaí a d’fhéadfaidis leas a bhaint astu dá ngnóanna i 2021.”

Dúirt freisin: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhlachtaí a bhí linn an tseachtain seo agus leis na cainteoirí agus rannpháirtithe go léir a roinn a dtaithí, a ndúshláin agus a léargas ag gach imeacht. Ba mhaith liom buíochas speisialta a ghabháil lenár bhfoireann anseo in Oifig Fiontar Fhine Gall as clár imeachtaí chomh iontach a rolladh amach agus lenár gcomhpháirtithe i mbliana, Fiontraíocht Éireann, Cumann Fhine Gall, agus Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.”

Beidh tuilleadh cláracha oiliúna agus imeachtaí do ghnóanna Fhine Gall ar siúl i rith mhí an Mhárta agus is féidir sonraí a fháil ag www.LocalEnterprise.ie/Fingal.