Cistiú 2023 d’oibreacha caomhnaithe agus deisiúcháin i bhFine Gall

Dáta Deiridh Dé hAoine, an 27 Eanáir 2023

Conservation grants 2022

Tá cuireadh á thabhairt ag Comhairle Contae Fhine Gall d’iarratais faoi roinnt scéimeanna ar dheisiúcháin nó ar thionscadail chaomhnaithe laistigh de cheantar Fhine Gall - dáta deiridh DÉ HAOINE, an 27 EANÁIR 2023

Tá cuireadh á thabhairt ag Comhairle Contae Fhine Gall anois d’iarratais faoi roinnt scéimeanna ar oibreacha a dhéanfar in 2023 le haghaidh tionscadail deisiúcháin nó ar thionscadail chaomhnaithe ar scála beag, meánach nó mór ar Struchtúir faoi Chosaint agus, i gcúinsí áirithe, ar fhoirgnimh a fheabhsaíonn Limistéir Chaomhantais Ailtireachta laistigh de cheantar Fhine Gall. 

Leithdháileadh cistiú beagnach €295,000 in 2022 trí Chomhairle Contae Fhine Gall do dheontais Stitch in Time, struchtúir faoin Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha agus tionscadail faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil chun cabhrú le hoidhreacht ailtireachta Fhine Gall a dheisiú agus a chosaint.  Nuair a thugann úinéirí faoi ghnáthchothabháil nó faoi dheisiúcháin bheaga ar chreatlach stairiúil a n-áiteanna cónaithe, cuireann scéim Stitch in Time Chomhairle Contae Fhine Gall deontais idir €100 agus €2,500 ar fáil.  I gcás oibreacha níos substaintí, tá cistiú ar fáil tríd an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha nó Ciste na Struchtúr Stairiúil.  Ceadaítear faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil freisin iarratais ar leith a dhéanamh ar struchtúr dúchasach a chaomhnú nach Struchtúr faoi Chosaint é agus le haghaidh siopa stairiúil nó aghaidh siopa thraidisiúnta Ghaeilge a athchóiriú. 

Tá cistiú ar fáil do thionscadail a thitfidh amach in 2023 faoi na scéimeanna seo a leanas:

  • “Deontas Stitch in Time” an Chiste Oidhreachta Ailtireachta 2023
  • An Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha 2023
  • Ciste na Struchtúr Stairiúil 2023 (foshruthanna san áireamh le haghaidh Aghaidheanna Siopa/Aghaidheanna Siopa Traidisiúnta Gaeilge agus do Struchtúir Dhúchasacha)

Tugann an tOifigeach Caomhnaithe Ailtireachta Helena Bergin sochar na scéimeanna seo chun solais i dtaobh cabhrú le húinéirí a chinntiú go leantar le bail mhaith a choimeád ar a réadmhaoin.  “Tá na trí scéim deontais reatha i bhfeidhm le roinnt blianta anuas agus léiríonn siad an chaoi go dtéann caomhnú cuí ailtireachta agus deisiú foirgnimh cuí chun sochair ní hamháin úinéir réadmhaoine aonair ach an phobail i gcoitinne freisin mar gheall go gcuireann foirgnimh stairiúla agus sheana inár mbailte agus sráidbhailte a gcoimeádtar bail mhaith orthu agus a ndéantar cothabháil mhaith orthu go mór le tréithe mealltacha na n-áiteanna seo.”

Tá na scéimeanna cistithe caomhnaithe in ainm is cabhrú le húinéirí leis na modhanna cuí i dtaobh mionsonraí agus leis na modhanna cearta chun na hábhair stairiúla a dheisiú a úsáidtear i bhfoirgnimh, cosúil le haol, cloch, brící lámhdhéanta, tuí, slinn nádúrtha, agus siúinéireacht stairiúil mar gheall gur féidir le hábhair neamh-inanálaithe, cosúil le coincréit agus plaisteach níos mó díobhála ná maitheasa a dhéanamh.

DÁTA DEIRIDH: Ba cheart iarratais a bheith seolta ar aghaidh go dtí Comhairle Contae Fhine Gall faoi 5PM DÉ HAOINE, AN 27 EANÁIR 2023.  Tá foirmeacha iarratais do gach ceann de na trí scéim ar fáil ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall agus ba cheart iarratais líonta a sheoladh chuig Oifigeach Caomhnaithe Ailtireachta Chomhairle Contae Fhine Gall ag  [email protected] . Eiseofar cinneadh do gach iarratas tar éis gur cheadaigh an Roinn iarratais rathúla go sealadach.  Is gnách go ndéantar an cinneadh faoi thráth luath i Márta nó faoi lár na míosa.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir le hiarratasóirí cistiú a fháil faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil agus an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha araon sa bhliain chéanna agus nach féidir ach iarratas amháin a sheoladh ar aghaidh faoi cheann amháin de na scéimeanna seo.

Le hiarratas a dhéanamh, féach: