Comóradh ar dhaoine muinteartha a cailleadh le linn Sheachtain Náisiúnta na gCrann 2021

D’fhonn Seachtain Náisiúnta na gCrann a cheiliúradh, phlandáil Comhairle Contae Fhine Gall crainn darach eiseamláireacha dúchasacha mar chomóradh ar dhaoine muinteartha a cailleadh le linn na bliana dúshlánaí seo.

Ardgillan Tree

D’fhonn Seachtain Náisiúnta na gCrann a cheiliúradh, phlandáil Comhairle Contae Fhine Gall crainn darach eiseamláireacha dúchasacha mar chomóradh ar dhaoine muinteartha a cailleadh le linn na bliana dúshlánaí seo.  Bhí fíoráthas orainn freisin Conair Crann Pháirc Bhrí Mhór a sheoladh i mBaile Brigín.

Le srianta leibhéal 5 fós i bhfeidhm le linn Seachtain Náisiúnta na gCrann 2021, níorbh fhéidir imeachtaí poiblí gaolmhara ná bronntanais crainn a bheith ann chun an tseachtain a cheiliúradh. Bhí sé tábhachtach don Chomhairle, áfach, go ndéanfaí comóradh ar an gceiliúradh bliantúil seo ar chrainn ar bhealach iomchuí. 

Millennium park tree

I ngach ceann de na páirceanna Fhine Gall seo a leanas: Diméin Ard Giolláin, Diméin an Droichid Nua, Diméin Sheantraibh, Diméin Mhullach Íde, Páirc San Caitríona i Leamhcán, Páirc na Mílaoise agus Páirc Ghleann Abhainn an Bharda plandáladh crainn darach eiseamláireacha dúchasacha mar chomóradh ar dhaoine muinteartha a cailleadh le linn na bliana dúshlánaí seo

Tree st catherines
Tree Trail

Tugadh conair nua crann isteach freisin i bPáirc Réigiúnach Bhrí Mhór agus bhí sé go hiontach an tsiúlóid féin-threoraithe crann seo a chur ar bun chun go mbainfeadh daoine taitneamh as le linn Seachtain Náisiúnta na gCrann. Ba é an tionscadal seo obair chomhoibritheach Bhailte Slachtmhara Bhaile Brigín, Scoil Náisiúnta Naomh Molaga agus Roinn Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall.

Táimid ag tnúth anois le Seachtain Náisiúnta na gCrann 2022 nuair a bheidh níos mó tionscadal agus tionscnamh suimiúla beartaithe againn.

National tree week
Tree Trail Bremore