Cur isteach ar sholáthar i mBaile Átha Cliath 15

Is iad na ceantair a bheidh tionchar orthu ná Cluain Aodha, Bóthar Stirling, Baile Damail, An Bealach Beag, Baile Liam, Allendale, Ongar, Cnocán Shíomóin, Geata an Phóirtéara, Baile an Hartaigh agus Lohunda, Dún Búinne, An Loch Salach agus na ceantair máguaird.

Beidh cur isteach ar a soláthar agus bristeacha uisce do chustaiméirí sna ceantair seo a leanas idir 2in Dé Céadaoin an 3 Márta agus 2rn Déardaoin an 4 Márta agus arís idir 3in Dé Máirt an 9 Márta agus 3rn Dé Céadaoin an 10 Márta.

Is iad na ceantair a bheidh tionchar orthu ná Cluain Aodha, Bóthar Stirling, Baile Damail, An Bealach Beag, Baile Liam, Allendale, Ongar, Cnocán Shíomóin, Geata an Phóirtéara, Baile an Hartaigh agus Lohunda, Dún Búinne, An Loch Salach agus na ceantair máguaird.

Tar éis do na hoibreacha a bheith críochnaithe d’fhéadfadh sé roinnt uaireanta an chloig a thógáil don líonra a athlíonadh agus don ghnáthsholáthar uisce a theacht ar ais do na custaiméirí go léir a bhfuil tionchar orthu.

Nuair a bheidh siad críochnaithe, soláthróidh na hoibreacha bonneagair riachtanacha seo ag Páirc Dhídean na bhFianna, An Bealach Beag, soláthar uisce níos sábháilte agus níos sláine do thithe agus do ghnóanna i mBaile Átha Cliath 15.

Cuireadh tús leis na hoibreacha Dé Luain 1 Márta 2021 agus tá siad le bheith críochnaithe laistigh de 8 seachtaine.

Tá na hoibreacha á ndéanamh ag Conraitheoirí Carty Teo thar ceann Uisce Éireann agus cuirfear ar fáil iad de réir chomhairle reatha an rialtais agus FSS ar Covid-19.

Tá líne chabhrach cúram custaiméirí Uisce Éireann oscailte 24/7 ar 1850 278 278 agus is féidir le custaiméirí teaghmháil a dhéanamh leo chomh maith ar Twitter @IWCare le haon cheisteanna.  Le haghaidh nuashonruithe féach le do thoil an chuid soláthar agus seirbhísí uisce de láithreán gréasáin Uisce Éireann.