Leanann an Fuireachas go dtí an Chéad Seachtain Fhiontraíochta Áitiúil Fíorúil

D’fhógair An Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar T.D. clár iomlán na n-imeachtaí do Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla (LEW), a bheidh ar siúl ar líne ón Luan, 1ú Márta go dtí an Aoine, 5ú Márta.

LEW 2021 Launch 2 Photocollage

D’fhógair An Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar T.D. clár iomlán na n-imeachtaí do Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla (LEW), a bheidh ar siúl ar líne ón Luan, 1ú Márta go dtí an Aoine, 5ú Márta.

Tá os cionn 200 imeacht fíorúil beartaithe ag LEOanna ar fud na tíre, lena n-áirítear LEO Fhine Gall agus  ina measc seo tá ceardlanna oiliúna, seimineáir ghréasáin eolais agus máistir-ranganna le fiontraithe agus saineolaithe, atá deartha chun cabhrú le gnóanna beaga na hÉireann agus leo siúd atá ag iarraidh gnó nua a thosú i 2021.

Eagraithe ag LEO Fhine Gall agus le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann (FÉ) agus ó Chomhairle Contae Fhine Gall, is é téama na bliana seo ‘Ag Tabhairt Chun Críche É.’ I measc na n-ábhar comónta i rith na seachtaine tá gnó nua a chur ar bun, athléimneacht agus téarnamh, an geilleagar glas, éirí níos ‘rathúla’ ó thaobh airgid a dhéanamh, margaí nua a iniúchadh, gnó a dhéanamh ar líne agus an caidreamh trádála nua leis an Ríocht Aontaithe. Don chéad uair, cuimsíonn LEW deich n-imeacht ‘Spotsolais’ freisin, agus tá siad seo oscailte do gach gnó ar fud na tíre.

Meastar go n-áireofar ar bhuaicphointí LEW: an dianchampa an-idirghníomhach “Ullmhaigh do Ghnó don Todhchaí” — a osclóidh Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy, agus beidh buaiteoir na nGradam Fiontraíochta Náisiúnta Derya Sousa i láthair ann; an seimineár gréasáin “Instagram do Ghnó” a bhfuil an-tóir air i gcónaí; an seisiún ar líne Líonra na mBan Fiontraíoch Fhine Gall ina mbeidh an láithreoir teilifíse agus fiontraí iomráiteach Gráinne Seoige ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan; agus an t-imeacht ‘Spotsolais’ Dearbhán Trádála Ar Líne — a thugann an deis do ghnóanna beaga a láithreán gréasáin nó a straitéis margaíochta digití a fhorbairt trí dheontas suas le €2,500 a fháil.

Tá An Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar T.D. ag oscailt LEW go hoifigiúil ag an gcéad imeacht ‘Spotsolais’, seoladh ‘Green for Micro’ ar an 1ú Márta. Dúirt :

“Beidh Seachtain na Fiontraíochta Áitiúla go hiomlán ar líne i mbliana, agus beidh níos mó ná 200 imeacht ar siúl. Bhí orainn go léir rudaí a dhéanamh ar bhealach difriúil mar gheall ar an bpaindéim agus níl amhras ar bith orm go mbeidh seachtain na bliana seo chomh úsáideach agus suimiúil doóibh siúd atá rannpháirteach.  

“Tá a fhios agam go raibh go leor gnóanna ag brath ar a nOifig Fiontar Áitiúil chun comhairle, oiliúint agus cúnamh airgeadais a fháil le linn na míonna deacra seo. Is iad na hOifigí Fiontar Áitiúla an pointe teagmhála do go leor de dheontais agus scéimeanna oiliúna an Rialtais, mar an tionscnamh nua ‘Green for Micro’, an Scéim Dearbhán Trádála Ar Líne, agus an Clár ‘Lean’. Is deis iontach í Seachtain na Fiontraíochta Áitiúla féachaint ar an gcabhair atá ar fáil agus na rudaí is fearr a oireann do do ghnó a fháil.”

Ag labhairt dó roimh oscailt LEW i bhFine Gall, leag an Méara Healey béim ar an ngá atá le gach fiontar beag an deis a thapú chun leas a bhaint as an raon leathan tacaíochtaí atá ar fáil dóibh sna hamanta dúshlánacha seo: “Trí mheán ár nOifig Fiontar Áitiúil, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag soláthar seirbhísí agus cúnamh ríthábhachtach dár ngnóanna áitiúla. Ba mhaith linn a chinntiú go mbaineann ár  FBManna leas as na cláir agus na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil dóibh tríd an LEO agus comhlachtaí stáit eile”.

Dúirt Ceann Fiontar Fhine Gall, Oisín Geoghegan freisin: “Tá srianta COVID-19 ag dul i bhfeidhm go mór ar ghnóanna beaga ar fud Fhine Gall agus níor éirigh le go leor acu trádáil iomlán a dhéanamh ó anuraidh. Sin é an fáth go bhfuil tionscnaimh cosúil le Seachtain na Fiontraíochta Áitiúla níos tábhachtaí ná riamh agus iad ag taispeáint na dtacaíochtaí atá ar fáil do ghnóanna beaga agus do ghnóanna nuathionscanta anois. Chomh maith le deich n-imeacht ‘Spotsolais’, táimid ag tairiscint clár iomlán imeachtaí thar chúig lá Seachtaine na Fiontraíochta Áitiúla. Is í an chomhairle atá againn do gach gnó áitiúil agus dóibh siúd a bhfuil smaoineamh gnó acu, féachaint ar na himeachtaí a bheidh ar siúl trí chuairt a thabhairt ar LocalEnterprise.ie/Fingal agus áirithint a dhéanamh go luath.”

Tá sonraí maidir le himeachtaí a bheidh ar siúl do LEW 2021, ar fáil ag www.LocalEnterprise.ie/Fingal. Is tionscnamh bliantúil é LEW ó na LEOanna agus tacaíonn FÉ, údáráis áitiúla agus Rialtas na hÉireann leis.