Meabhraíonn an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus An Garda Síochána do thiománaithe páirceáil go freagrach

Image of illegal parking

Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) agus An Garda Síochána ag impí ar gach tiománaí páirceáil go freagrach agus gan páirceáil ar chosáin nó ar lánaí rothar, mar go bhfuil riosca sábháilteacht bóthair ann d’úsáideoirí leochaileacha bóithre agus is cion é.

Bíonn cosáin bhlocáilte mar thoradh ar pháirceáil mhídhleathach, rud a chiallaíonn nach bhfuil dóthain spáis ag úsáideoirí leochaileacha bóthair mar úsáideoirí cathaoireacha rothaí, daoine a bhfuil lagú radhairc orthu, daoine le bugaithe, leanaí agus coisithe níos sine siúl go sábháilte, rud a d’fhéadfadh iad a chur amach ar an mbóthar. Cuireann páirceáil i lánaí rothar iachall ar rothaithe bogadh amach sa trácht príomhshrutha, áit a bhfuil baol níos mó ann go dtarlóidh imbhualadh.

Tharraing an gá atá le fad sóisialta, i gcomhréir le comhairle sláinte poiblí, agus tú ag siúl agus ag rothaíocht aird bhreise ar an iompar neamhshábháilte agus mídhleathach seo a bhaineann le tiománaithe.

Iarrtar ar thiománaithe tuiscint a fháil ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag páirceáil mhídhleathach ar úsáideoirí bóithre agus a thuiscint go bhfuil freagracht orthu a chinntiú go bhfuil a bhfeithicil páirceáilte go sábháilte i gcónaí. Tá páirceáil in áit chontúirteach, fiú mura bhfuil ann ach tréimhse ghearr, neamhshábháilte agus mídhleathach.

Dúirt an tUasal Sam Waide, POF den RSA: “Is cuid riachtanach den tiomáint shábháilte í páirceáil shábháilte. Ní féidir le tiománaithe agus tiománaithe gluaisrothair páirceáil ar bhealach ar bith a chuireann isteach ar ghnáthshreabhadh tráchta nó a chuireann isteach ar úsáideoirí bóithre eile. Is féidir le páirceáil ar chosán sábháilteacht coisithe a chur i mbaol agus imbhuailtí coiscthe a spreagadh trí iachall a chur orthu siúl ar an mbóthar gnóthach chun bacainn a sheachaint. Is saincheist sábháilteachta bóthair í seo toisc go bhfuil coisithe á gcur i mbaol, b’fhéidir sa bhealach ar ghluaisteáin, busanna, nó rothaithe. Táim ag impí ar gach tiománaí freagracht a ghlacadh as a gcuid gníomhartha agus a bheith níos tuisceanaí faoi gach úsáideoir bóthair lena n-áirítear na daoine is leochailí.”

Dúirt an tArd-Cheannfort Ray McMahon, Biúró Náisiúnta Póilíneachta Bóithre an Gharda Síochána: “Ba mhaith liom a mheabhrú do thiománaithe go bhfuil páirceáil ar chosáin nó ar lánaí rothar mídhleathach agus go bhfuil sé ina bhagairt do shábháilteacht na ndaoine is leochailí inár sochaí.”

Cé go bhfostaíonn mórchuid na n-údarás áitiúil maoir tráchta chun rialacháin pháirceála a fhorfheidhmiú agus fíneálacha a eisiúint, tá an t-údarás seo ag baill den Gharda Síochána freisin. Chomh maith le muirir sheasta as rialacháin pháirceála a shárú, is féidir le tiománaí a bheith faoi dhliteanas i leith pointí pionóis. Má tá tiománaí páirceáilte in áit chontúirteach, d’fhéadfaidis ‘pointí píonóis’ a thabhú suas go huasmhéid (5) ar é a chiontú agus ‘muirear seasta’ idir €80 - €120. Is cion é tiomáint i lána rothar ‘éigeantach’ freisin a d’fhéadfadh suas le (3) phointe píonóis a thabhú ar chiontú agus ‘muirear seasta’ idir €60 - €90.

Dúirt an tArd-Cheannfort McMahon: “Beidh ceist na páirceála mídhleathaí mar fhócas d’aire forfheidhmithe leanúnach i mbliana ón nGarda Síochána. Ba mhaith liom freisin tiománaithe a spreagadh chun a bheith aireach, agus iad ag taisteal le haghaidh aclaíochta laistigh de do 5 chiliméadar chuig taitneamhachtaí poiblí, ceantair áille agus páirceanna, faoi na contúirtí a bhaineann le páirceáil mhídhleathach. Beidh An Garda Síochána ag patróil na n-áiteanna seo agus cuirfidh sé rialacháin pháirceála i bhfeidhm nuair is gá.”

Tá feachtas nua meán sóisialta seolta ag an RSA agus na Gardai chun feasacht a mhúscailt faoi shaincheist na páirceála mídhleathaí ar chosáin agus lánaí rothar. Is é teideal an fheachtais ‘Mura mbogannn tusa, ní féidir linne bogadh ach an oiread.’