Meas a Léiriú Dár nOibrithe Deonacha: Podchraoladh na Roinne Pobail, Cultúir & Spóirt

Is é an podchraoladh seo ár mbealach chun aird a tharraingt ar obair thábhachtach oibrithe deonacha agus a chur in iúl dár n-oibrithe deonacha go bhfuil meas againn ar a dtiomantas agus buíochas a ghabháil leo as an obair thábhachtach atá ar bun acu ina bpobail

Comhrá le hoibrithe deonacha ó Chlub CLG Na Dubh Ghall i mBaile Dúill isea Podchraoladh ‘Meas a Léiriú Dár nOibrithe Deonacha.’

Chuaigh Na Dhubh Gall i gcomhpháirtíocht le Fóram Freagartha Pobail Covid de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall chun cabhrú le baill den phobal atá i mbaol rochtain a fháil ar thacaíochtaí neamh-éigeandála agus neamhleighis cosúil le siopadóireacht bhia le linn na héigeandála poiblí reatha.

Roinneann an Cathaoirleach Mark Gibney agus an tuismitheoir Lesleyann Flynn a dtaithí agus a scéalta faoi obair dheonach agus obair phobail le linn na héigeandála sláinte poiblí atá ann faoi láthair.

Oibríonn foireann Forbartha Pobail Fhine Gall go dlúth le hoibrithe deonacha ar fud go leor eagraíochtaí sa tír a chuireann a gcuid ama, scileanna agus taithí ar fáil chun a gcuid pobal a dhéanamh mar áit níos fearr le maireachtáil ann.

Is é an podchraoladh seo ár mbealach chun aird a tharraingt ar obair thábhachtach oibrithe deonacha agus a chur in iúl dár n-oibrithe deonacha go bhfuil meas againn ar a dtiomantas agus buíochas a ghabháil leo as an obair thábhachtach atá ar bun acu ina bpobail.

Valuing Our Volunteers: Community, Culture & Sports Department Podcast