Plean Oidhreachta nua d'Fhine Gall 2024-2030, roinn do thuairimí linn 

Tá tús curtha ag Fóram Oidhreachta Fhine Gall, éascaithe ag an Oifig Oidhreachta, Comhairle Contae Fhine Gall, le Plean Oidhreachta nua a ullmhú d'Fhine Gall agus ba mhaith le baill an Fhóraim do thuairimí maidir leis na tosaíochtaí nó gníomhaíochtaí ba cheart a áireamh sa phlean nua a chloisteáil.

FCC_PD_HERITAGE_PLAN_IRISH.jpg

Suirbhé Ar Líne Phlean  anseo 

Tá tús curtha ag Fóram Oidhreachta Fhine Gall, éascaithe ag an Oifig Oidhreachta, Comhairle Contae Fhine Gall, le Plean Oidhreachta nua a ullmhú d'Fhine Gall agus ba mhaith le baill an Fhóraim do thuairimí maidir leis na tosaíochtaí nó gníomhaíochtaí ba cheart a áireamh sa phlean nua a chloisteáil.

Is ionann ár n-oidhreacht agus an méid atá fágtha le hoidhreacht againn ón ré atá caite, chun taitneamh agus tairbhe a bhaint aisti sa lá inniu ann, agus le caomhnú agus le tabhairt ar aghaidh do na glúnta amach romhainn. Cuimsítear ann:  gnéithe inláimhsithe - ár suíomhanna stairiúla, foirgnimh, séadchomharthaí, diméinte stairiúla, déantáin agus cartlanna; gnéithe nádúrtha - ár muirdhreacha, uiscebhealaí, tírdhreacha, geolaíocht, flóra agus fána; agus gnéithe doláimhsithe – lena n-áirítear ár nósanna, spóirt, béaloideas, ceirdeanna, scileanna agus traidisiúin.

Scrúdaítear gach cineál oidhreachta i bPlean Oidhreachta Fhine Gall mar aon leis an mbealach a n-idirnascann agus a nascann siad agus conas is fearr is féidir linn ár n-oidhreacht a chosaint agus a rochtain. Sonraítear sa Phlean fís agus cuspóirí straitéiseacha dár n-oidhreacht roinnte. Tacaíonn roinnt ár n-oidhreachta agus ceiliúradh ar ár n-oidhreacht, agus na héagsúlachtaí ar fad a bhaineann léi, le folláine agus le braistint chómhuintearais. Is cuid dínn ár n-oidhreacht. Cuir do thuairim in iúl!

Táimid ag iarraidh eolas a bhailiú faoi na gnéithe d'Oidhreacht Fhine Gall atá tábhachtach dár libh agus ar mian libh a bheidh á gcosaint agus á gceiliúradh. Úsáidfear faisnéis a bailíodh i rith an phróisis chomhairliúcháin réamhdhréachta chun Plean Oidhreachta nua d'Fhine Gall a fhorbairt agus cabhróidh an fhaisnéis le tús áite a thabhairt do réimsí tosaíochta le haghaidh gníomhaíocht oidhreachta suas go dtí 2030.  

Táimid ag lorg bhur dtuairimí chun cabhrú linn tosaíochtaí a shonrú do Phlean Oidhreachta Fhine Gall tríd an suirbhé thíos a chomhlánú ar nó roimh Dé hAoine, an 19 Bealtaine 2023.

Suirbhé Ar Líne Phlean Oidhreachta Fhine Gall https://forms.office.com/e/w1rj7Zir0E

Ba cheart ceisteanna a sheoladh chuig Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall ag, [email protected]

 

Íoslódáil Plean Oidhreachta Fhine Gall 2018-23

See Plean Oidhreachta Fhine Gall 2024-2030 - Suirbhé comhairliúcháin Réamh-Dhréachta

 

Fingal Heritage Plan 2024-2030 Pre-Draft Consultation