Rogha Eile Chomhairle Contae Fhine Gall ar Cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís ina ndéanaimid ceiliúradh bródúil ar chultúr agus ar oidhreacht na hÉireann agus a dhéantar blaincéad fíorga glas a leathadh ar fud na cruinne.

ST Patrick's Homemade parade graphic

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís ina ndéanaimid ceiliúradh bródúil ar chultúr agus ar oidhreacht na hÉireann agus a dhéantar blaincéad fíorga glas a leathadh ar fud na cruinne. Cé go bhféadfadh Lá Fhéile Pádraig 2021 a bheith an-éagsúil ó na féilte a cuireadh ar bun i bhFine Gall i mblianta roimhe seo, is iontach an deis é chun sárthaispeántas a dhéanamh dár gceiliúradh eile a mhúsclóidh ár samhlaíocht agus a dhéanfaidh bhur gcruthaitheacht a spreagadh.

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Fhine Gall an Comórtas #MórshiúlsaBhaile (#HomemadeParade) a sheoladh. Deis iontach é seo an teaghlach iomlán a spreagadh páirt a ghlacadh i do mhórshiúl féin Lá Fhéile Pádraig a chruthú sa bhaile trí úsáid a bhaint as na bréagáin, na leabhair nó na saothair ealaíne is mó a thaitníonn leat a úsáid – níl deireadh leis na féidearthachtaí. Bí i do Cheann Feadhna ar do mhórshiúl agus d’fhéadfá cárta bronntanais €100 One4All a bhuachan do na mórshiúlta is samhlaíche agus is cruthaithí, mar sin, cuirigí tús leis! Is é an spriocdháta d’iontrálacha meán lae Déardaoin, an 18 Márta. Fógrófar na buaiteoirí an tseachtain dar tús an 22 Márta.  Féach www.fingal.ie/stpatricksday2021 chun teacht ar shonraí faoi conas iontráil - Go n-éirí libh!

Mar cheiliúradh ar an 17 Márta, chomh maith leis sin, shocraigh Aonad Imeachtaí na Comhairle go ndéanfar 12 dár bhfoirgnimh i bhFine Gall a shoilsiú le soilse glasa chun taispeántas dochreidte amhairc a chruthú. Is iad na foirgnimh a ghlacfaidh páirt Caisleán Shoird, Leabharlann an Rois, Teach Cúirte Bhaile Brigín, Cloigtheach Lusca, Eaglais Bhaile an Ridire, Draíocht/ Leabharlann Bhaile Bhlainséir, Oifigí na Cathrach – Baile Bhlainséir, Áras an Chontae – Sord, Caisleán Mhullach Íde, Túr Martello Bhinn Éadair, Caisleán Bhrí Mhór – Baile Brigín agus Casaíne Mhullach Íde. Anuas air sin, déanfar Caisleán Shoird, Leabharlann an Rois, Teach Cúirte Bhaile Brigín agus Cloigtheach Lusca a shoilsiú agus an teachtaireacht Ghaeilge ‘Dúisigh Éire’ á taispeáint orthu.

Beidh rud éigin ar siúl a mbainfidh gach duine taitneamh as fad a bheidh ceiliúradh á dhéanamh ag imeachtaí fíorga Leabharlanna Fhine Gall ar Lá Fhéile Pádraig. Más spéis leat físeáin cheardaíochta, is fiú súil a chaitheamh ar chainéal YouTube Leabharlanna Fhine Gall! Foghlaim conas leipreachán a dhéanamh le Yvonne, lean treoir céim ar chéim chun do leabharmharc féin Lá Fhéile Pádraig a chniotáil agus bí i dteannta Laura fad a thaispeánann sí conas pota dathannach óir a dhéanamh. I ndiaidh na n-imeachtaí cruthaitheacha go léir siúd, is fiú bheith i dteannta an scéalaí Cháiliúil Niall de Búrca a chuirfidh an lucht féachana faoi gheasa le físeán scéalaíochta dar teideal ‘Miotais agus Finscéalta’. 

Ag labhairt dó faoin gceiliúradh, dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. David Healy:   “Dáta tábhachtach san fhéilire gach bliain é Lá Fhéile Pádraig nuair a dhírímid ar chultúr agus oidhreacht na hÉireann ar lá ár n-éarlaimh. Cé nach mbeimid ag freastal i mbliana ar mhórshiúlta ná ar imeachtaí eile, is tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh roimhe seo ceiliúradh a dhéanamh ar ár saoire Náisiúnta ar bhealaí eile. Tá gliondar croí orm go gcuirfear deis uathúil ar fáil i mbliana do chónaitheoirí Fhine Gall a mórshiúlta fíorga féin a chur ar siúl agus lán na súl a bhaint timpeall an chontae as soilsiú mórthaibhseach na bhfoirgneamh i bhFine Gall. Spreagfainn gach duine páirt a ghlacadh sa cheiliúradh agus taitneamh a bhaint as an lá. Ba mhaith liom Beannachtaí na Féile Pádraig a ghuí oraibh go léir

Dúirt an Príomhfheidhmeannach, AnnMarie Farrelly: “Tríd an gcomórtas #MórshiúlSaBhaile (#HomemadeParade) agus an ‘glasú’ suntasach a dhéanfar ar fhoirgnimh ag 12 láthair sa Chontae, chinntigh Aonad Imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall go ndéanfar ceiliúradh spreagúil fíorga ar Lá Fhéile Pádraig i mbliana ar an gcruthaitheacht a mhúsclóidh samhlaíocht á gcónaitheoirí uile i bhFine Gall, gan amhras. Beidh idir scéalaíocht agus físeáin cheardaíochta ar siúl, agus beidh clár siamsúil Lá Fhéile Pádraig ar líne á chur ar siúl ag Leabharlanna Fhine Gall a mbainfidh daoine ar gach aois taitneamh as. Tá súil agam go mbeidh sibh linn agus ár gceiliúradh á dhéanamh againn agus guím Lá Fhéile Pádraig Sona oraibh.”

Níl bealach níos fearr le críoch a chur le féile Lá Fhéile Pádraig ná cuairt fhíorga a thabhairt ar cheann dár maoin fhíorálainn oidhreachta chun ceiliúradh a dhéanamh ar cheol agus filíocht thraidisiúnta na hÉireann. Beidh TradFest Barra an Teampaill sa Bhaile (TradFest Temple Bar @ Home) ar siúl ón 18 go dtí an 21 Márta. Duine de na rannpháirtithe a bheidh ag an imeacht é Stephen Rea, pátrún TradFest, agus duine de na haisteoirí Éireannacha is fearr riamh anall. Eisean a bheidh mar fhear an tí le haghaidh ómós an-speisialta a chuirfear ar siúl i gcuimhne ar a chara, nach maireann, agus an file cáiliúil Derek Mahon ina seinnfidh Matt Molloy, Neil Martin, Paddy Glackin, agus Felispeaks ceol. Cinnteoidh na ceoltóirí Phelim Drew, Frankie Gavin agus Sibéal Ní Chasaide go gcuirfear imeacht ar siúl nach ndéanfar dearmad air agus a bhainfear taitneamh as. Is féidir teacht ar na sonraí iomlána ag www.newbridgehouseandfarm.com

I measc na n-imeachtaí móra eile a bheidh ar siúl, beidh an méid seo a leanas:

The Unsung Hero le David Gilna

Leanfaidh an drámadóir David Gilna ó Shord, Contae Bhaile Átha Cliath, a bhuaigh gradaim, lorg Brendan Behan, Oscar Wilde agus Seán O’Casey nuair a chuirfear a dhráma ‘The Unsung Hero’ ar stáitse i Nua-Eabhrac ón 16 go dtí an 20  Márta 2021 agus a dhéanfar a shruthú beo ar do ghléasanna.

Scéal grá nár ligeadh i ndearmad atá sa dráma ó sheachtain na Cásca 1916 idir Michael O’Rahilly (The O’Rahilly), Comhbhunaitheoir Óglaigh na hÉireann agus a bhean chéile Nancy O’Rahilly, Leas-Uachtarán Chumann na mBan.

 

Tá eolas agus ticéid ar fáil ag www.thepigeontheatre.com agus davidgilna.ie

 

Seó Naomh Pádraig, an 17 Márta ag 3pm agus 7pm

Tá an seó seo spreagtha ag scéalta agus finscéalta ó aimsir Naomh Pádraig anall go filíocht Éireannach na linne seo. Beidh príomhamhránaí Fontaines D.C., a ainmníodh do Grammy, Grian Chatten, Matthew Campbell le The Shamrock Tenors, an soprán Mary McCabe, agus ealaíontóirí Éireannacha eile páirteach san imeacht.

www.stpatrickcentre.com