Tá fíoráthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall saothar ealaíne poiblí nua ‘Assemble – Tríológ Scannáin’ le Anthony Haughey & An Comhchiste Imirce Domhanda a chur i láthair

Óstálfaidh an Oifig Ealaíon an première scannáin de Assemble – Tríológ Scannáin ar líne – Dé Máirt an 30 Márta 2021 ag 5.30in.

Ag an ócáid speisialta seo, déanfaidh ealaíontóirí agus comhoibritheoirí na sraithe seo machnamh ar an bpróiseas comhchruthaithe agus ar thábhacht théamaí an scannáin do lucht féachana áitiúil agus domhanda. Beidh Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy ag glacadh páirte sa taispeáint freisin ina bhfeicfidh aíonna clár faisnéise nua ar an tionscadal le Arcade Films agus Ceisteanna agus Freagraí ina dhiaidh sin.

Chun spéis a léiriú sa taispeáint ar líne seo déan teagmháil le do thoil le Caroline Cowley – Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí: [email protected] nó cuir glaoch ar 01-8708449 agus tá an nasc Zoom ar fáil ar www.fingalarts.ie.

Déanann an tríológ de ghearrscannáin, ‘Can you Hear us Now?’, ‘This is What We Call Progress’ agus ‘Waiting for Tomorrow’ machnamh ar thionchar na himirce domhanda ó thaobh dearcadh na n-ógánach atá ina gcónaí i bhFine Gall le fócas faoi leith ar Bhaile Brigín. Fiosraíonn an coimisiún ealaíne poiblí seo an chaoi a ndéantar féiniúlachtaí cultúrtha a léiriú sa réimse poiblí. Rinne na daoine óga gach ceann de na trí scannán a chomhscríobh agus a thaibhiú  agus roghnaigh siad gach rud ó chur ar bun go dtí an láthair agus iad ag glacadh le róil aisteoirí neamhghairmiúla chun a scéalta a chur trasna.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Táimid an-bhródúil as na daoine óga seo a roghnaigh, trí na scannáin seo chun aghaidh a thabhairt ar chomhráite stairiúla agus domhanda maidir le comhionannas agus saoránacht, is ionadaithe eiseamláireacha iad d’Fhine Gall agus tá súil againn go mbeidh tionchar forleathan ag a dteachtaireacht.”

Fiosraíonn na scannáin cúiseanna imní a léirigh na daoine óga il-eitneacha seo atá ag fás aníos in aimsir athraithe gasta in Éirinn agus go hIdirnáisiúnta. Baineann siad leas as bunábhar ón stair ó Frederick Douglas, gluaiseacht um chearta sibhialta na 60í agus gluaiseacht an lae inniu ‘Black Lives Matter’, 2020. Trí chomhráite agus fiosrúcháin le chéile agus leis an ealaíontóir Anthony agus An Comhchiste Imirce Domhanda chuir siad scripteanna le chéile ó shraith dialóg chun scannáin a nochtadh a léiríonn a dtaithí shaoil agus ag léiriú a n-ábhar dóchais dá dtodhchaí. 

Chuir Emer O’Gorman, Stiúrthóir Seirbhísí in iúl: “Is contae bríomhar agus ilghnéitheach í Fine Gall a chuireann tábhacht mhór ar chomhionannas agus guthanna a daoine óga, tá athruithe suntasacha agus dearfacha á ndéanamh ag Baile Brigín faoi láthair faoin gclár Ár mBaile Brigín agus comhlánaíonn an tionscadal seo na cuspóirí dár straitéis ealaíon ar fud an chontae a foilsíodh le déanaí áit a chuireamar in iúl ár dtiomantas daoine agus smaointe a nascadh trí na healaíona, agus é a chur i gcroílár ár mbailte agus ár sráidbhailte.”

Mhínigh an Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí Caroline Cowley: “Tá ár gClár Ealaíne Poiblí darb ainm Bonneagar tiomanta d’fhéidearthachaí na healaíne atá rannpháirteach go sóisialta. Bronnadh Anthony agus An Comhchiste Imirce Domhanda faoin snáithe Comhléiriúcháin ar cuireadh é a bheith ag obair i gcomhar le chéile ar fud Fhine Gall chun scéalta nua a fhorbairt faoi agus lenár bpobail áitiúla.”

I ‘Can you Hear us now?’ iarrann grúpa daltaí ó Choláiste Pobail Lusca comhionannas i gcomhthéacs na hEorpa seineafóibe. Rinne an grúpa taighde ar scríbhinní Frederick Douglas a thaistil go hÉirinn in 1845 agus a rinne go leor óráidí ar fhuascailt agus saoirse. Le chéile d’athraigh siad na hóráidí seo go cúramach ina gcomhrá idir triúr ban óg ag ligean do na téacsanna bunaidh teachtaireacht an lae atá inniu ann a chur in iúl.

Tugann an dara scannán ‘This is What We Call Progress’ an lucht féachana chuig seomra álainn dearg na 18ú hAoise, Teach an Droichid Nua. Ba í Frances Power Cobbe duine de na coimeádaithe deireanacha ar an teach Angla-Seoirseach seo, a bhí ina scíbhneoir, ina leasaitheoir sóisialta agus ina feachtasóir vótála. Sa tsraitheog seo, cuireann grúpa gníomhaithe ban óga áitiúla ó chomharghrúpa darb ainm ‘My Sisters Keeper’ an ról dearfach atá ag mná na hAfraice i ndioscúrsa feimineach agus i gcearta an duine in iúl agus dearbhaíonn siad é.

Sa scannán deireanach feictear grúpa fear óg i mbun comhrá faoi na rudaí atá i gceist dá nglúin ina bpléann siad óráidí stairiúla agus éilimh ar chearta sibhialta agus ar chomhionannas a chur Martin Luther King Jr, Malcolm X agus daoine eile chun cinn. Tagraíonn an scannán seo ‘Waiting for Tomorrow’, atá suite i mBaile Brigín do dhráma ceannródaíoch Beckett, ‘Waiting for Godot’. Tugann an fanacht sa chás seo le fios go bhfuil staid bhuan na géarchéime ann ina bhfuil eagla agus deighilt ag cur go bun na foighne an oiread sin glúnta de phobail il-eitneacha go háirithe i bhfianaise na n-agóidí domhanda ‘Black Lives Matter’ le deanaí.

Tá ‘Assemble – Tríológ Scannáin’ ar fáil le feiceáil ar www.theglobalmigrationcollective.com