Seachtain na hOidhreachta i bhFine Gall 2023

Bí réidh le hoidhreacht shaibhir Fhine Gall a cheiliúradh le linn an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2023 ó 10ú-20ú Lúnasa. Tá raon leathan imeachtaí ar siúl i bhFine Gall lena n-áirítear siúlóidí, cainteanna, turais, taispeántais agus go leor eile. Is ceiliúradh naoi lá í an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ar oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha na hÉireann agus tá sé mar aidhm aici feasacht ar ár n-oidhreacht a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin í a spreagadh agus a caomhnú.

Tugann clár de chuid na Comhairle Oidhreachta, an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta, pobail, teaghlaigh, eagraíochtaí, institiúidí cultúrtha, lucht acadúil agus díograiseoirí le chéile. Déanann téama na bliana seo ceiliúradh ar ‘Oidhreacht Bheo’ na cleachtais, an t-eolas agus na scileanna a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus atá fós in úsáid inniu.

Gach eolas féach www.heritageweek.ie 

Nasc chuig imeachtaí i bhFine Gall Fingal Events 

Léigh ár preasráiteas  Ceiliúraimis oidhreacht shaibhir Fhine Gall le linn an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2023 

 

People and Place Heritage Week

Daoine agus Áit - Ansin agus Anois

Cuireadh tús le clár Fhine Gall go luath ar an 10 Lúnasa nuair a sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, taispeántas grianghraf People & Place-Then & Now de chuid Líonra Oidhreachta Fhine Gall san Atrium, Halla an Chontae, Sord. 

 

 

heritage network night.PNG

Oíche na hOidhreachta 2023

Oíche le cainteanna gearra ó bhaill de chumainn staire agus grúpaí oidhreachta Fhine Gall. Ina measc, ‘Gunnaí nó Galf-An t-Iarracht ag an Oifig Cogaidh Raon Lámhaigh a thógáil ag Port Mearnóg’, caint dhátheangach faoi Sinéad Ní Fhlannagáin DeValera, ‘Iascairí agus a gcuid Gheoltaí’ agus ‘An Lucht Neamhchónaithe is Tréigthí agus na Peacathe Poiblí’, tá ábhar spéise ar fáil do gach éinne.

Sé Méara Fhine Gall, an Clr Adrian Henchy, a osclóidh an ócáid.

Blas Logo

BLAS, Oidhreacht Bia Fhine Gall

Déanfaidh BLAS, tionscadal Oidhreachta Bia Fhine Gall, traidisiúin, dearcthaí, tuairimí agus cleachtais a bhaineann le conas a tháirgimid agus le conas a ithimid bia a iniúchadh, a thaifeadadh agus a chomhroinnt agus cuirfear traidisiúin éagsúla an bhia os comhair lucht féachana nua.

Mar chuid den tionscadal, táimid ag bailiú cuimhní, grianghraif, agus oidis an bhia ón bpobal lená roinnt ar léarscáil dhigiteach a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht an bhia mar chuid den stair shóisialta againne.

Seolfaimid an tionscadal go hoifigiúil ag ócáid Blaiseadh na hAimsir Chaite i gCeathrúna na Seirbhíseach, Teach an Droichid Nua, Domhnach Bat, Dé Domhnaigh an 20 Lúnasa ó 12in go dtí 2in. Bígí linn d'fhonn tuilleadh a fhoghlaim faoin tionscadal agus d'fhonn do chuid  thraidisiúin agus do chuid chuimhní an bhia a roinnt.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag https://www.fingal.ie/blas-fingals-food-heritage