Pardún Bliantúil na Samhna le haghaidh ábhar indóite ag ionaid athchúrsála

Estuary Recycling centre

Beidh Pardún bliantúil na Samhna ag Ionaid Athchúrsála ar siúl arís. Beidh an dá Ionad Athchúrsála de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, in Inbhear Shoird agus i gCúil Mhín, ag glacadh le hábhair indóite tí ar nós leapacha, toilg, doirse adhmaid etc. saor in aisce ó Luan an 17 go Satharn an 29 Deireadh Fómhair.

Ba chóir a thabhairt faoi deara nach mbeidh an iontráil dheireanach chuig na hIonaid Athchúrsála idir na dátaí seo níos déanaí ná uair an chloig roimh an am dúnta mar gheall ar an líon mór feithiclí a bhfuiltear ag súil leo i.e. 3pm i gCúil Mhín agus 7pm in Ionad Athchúrsála an Inbhir, Luan go hAoine.

Beidh ar chónaitheoirí ar mian leo leas a bhaint as an tseirbhís seo cruthúnas ar sheoladh baile a chur ar fáil.

Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil cead ag veaineanna móra ná ag feithiclí tráchtála isteach go dtí na hIonaid Athchúrsála gan socrú a dhéanamh roimh ré.

Tá an lamháltas seo á sholáthar mar iarracht chun an méid ábhair a d’fhéadfaí a dhiúscairt ar thinte cnámh go háitiúil ar bhealach eile agus rioscaí sláinte agus sábháilteachta dá bharr agus damáiste do spásanna oscailte poiblí a laghdú.

Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt le do thoil ar https://www.fingal.ie/recycling-centres

Ba mhaith leis an gcomhairle a mheabhrú do na cónaitheoirí go bhfuil cosc ar thinte cnámh a lasadh agus go bhfuil sé mídhleathach. Tá siad ag tathant ar bhaill den phobal teagmhais ábhair á mbailiú a thuairisciú trí fhoireann Cúraim Chustaiméirí na comhairle ar 01 890 5000 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig:

Ops Bhaile Brigín/Shoird:   BalSwoOpA%[email protected]    

Ops Mhullach Íde/Bhinn Éadair:    [email protected]

Ops Chaisleán Cnucha/Mhullach Eadrad:   [email protected]

I gcás éigeandála glaoigh i gcónaí ar 999 nó 112 don Bhriogáid Dóiteáin ar an bpointe.

Íoslódáil Bileog Phardúin na Samhna