Seachtain na Gaeilge i bhFine Gall 2020
Beidh ceiliúradh den chéad scoth le haghaidh Sheachtain na Gaeilge againn i bhFine Gall arís i mbliana agus clár iontach d’imeachtaí éagsúla á sheoladh ag Comhairle Contae Fhine Gall. Beidh imeachtaí curtha ar siúl ag an gComhairle i Halla an Chontae, Sord, i Leabharlanna Áitiúla agus eile agus beidh imeachtaí ar fud an Chontae eagraithe ag grúpaí teanga.