Cruinniú na nÓg 2023 i bhFine Gall
Is tionscnamh suaitheanta é Cruinniú na nÓg de chuid Phlean Óige Chruthaitheach Chlár Éire Ildánach chun cumas cruthaitheach leanaí agus daoine óga a chumasú. I mbliana beidh sé ar siúl Dé Sathairn 10 Meitheamh. I gclár na bliana seo a thabharfaidh ár nOifig Leabharlanna agus Ealaíon i bhFine Gall chugat, beidh ceiliúradh lae ar chruthaitheacht i bPáirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir chomh maith le himeachtaí inár mBrainse Leabharlanna, Scoileanna agus Ionaid Ealaíne. Chun sonraí ar fad a fháil faoi na himeachtaí ar fad, féach Cruinniú na nÓg 2023