Léim isteach sa Cheol le Mobile Music School Bunaithe ar na trí shnáithe de churaclam ceoil na bunscoile, beidh páistí tumtha i saol an cheoil. Leabharlann Bhaile Dúill 2pm-3pm.
Cruthaigh Créatúir leis an údar agus maisistheoir Erika McGann Glac páirt i gceardlann scríbhneoireachta le Erika McGann ar Chréatúir a Chruthú. Faigh amach conas a úsáideann sí fíricí aisteacha faoi ainmnithe atá ann i ndáiríre mar inspioráid do na créatúir aisteacha atá in leabhair. Leabharlann Mhullach Íde11:30am-12:30pm, Leabharlann Bhaile Brigín 2pm-3pm
Conas inspioráid a aimsiú don Scríbhneoireacht leis an údar Shane Hegarty Cad iad na heachtraí atá le brath thart timpeall ort? Reáchtálfaidh an t-údar mór le rá Shane Hegarty ceardlann don scríbhneoireacht chruthaitheach. Leabharlann na Sceirí
Spraoi le Cré leis an ealaíontóir agus dearthóir idirnáisiúnta Kriti Khatri Ar dtús beidh seisiún tobsmaointeoireachta ann faoin téama “Cad a fheicimid san FHARRAIGE”. Ina dhiaidh sin, ainmithe mara 3T ag baint úsáide as cré. Leabharlann Bhaile Bhlainséir 11am-12pm, Leabharlann Dhomhnach Bat 2pm-3pm
Ealaín don Samhradh leis an ealaíontóir Kim Jenkinson Bainfidh an t-ealaíontóir Kim Jenkinson úsáid as an téama ‘an samhradh’ chun leabharmharcanna agus rudaí eile a chruthú, trí úsáid a bhaint as duilleoga agus as peitil bláthanna. Leabharlann Dhomhnach Bat 1:30am-12:30pm, Leabharlann Shoird 2:30pm-3:30pm
Déan Slabhraí Taisce leis an údar Eve McDonnell! Reáchtálfaidh an t-údar Eve McDonnell ceardlann ina n-aistreofar rudaí a fuarthas ar an trá nó in aibhneacha i dtaisce iontach! Leabharlann Bhinn Éadair 11am
Sorcas gan Ainmhithe leis an ealaíontóir John Carpenter Bí linn don cheardlann Sorcas gan Ainmhithe. Taispeánfaimid duit conas carachtair ón sorcas a tharraingt, iad a ghearradh amach agus a ghliúáil isteach i do phuball sorcais.Leabharlann Bhaile Dúill11am-12pm, Leabharlann An Ros 2pm-3pm
Ceardlann Fhíodóireachta le Saileach Chill Mhantáin Bí le Aoife ó Shaileach Chill Mhantáin agus foghlaim conas Iasc a fhí as Saileach! Rachaimid tríd na céimeanna leat ionas go mbeidh tú ábalta éisc ildaite iontacha a thabhairt abhaile leat. Leabharlann Shoird 10:30am-11:30am.
Drumáil le Mobile Music School Sa cheardlann clúdófar rithimí agus patrúin a chloistear go minic i gceol drumadóireachta na hAfraice, drumadóireacht Samba nó sa cheol nua-aimseartha. Oiriúnach do pháistí idir 9 – 12 bliain d’aois. Leabharlann An Rois 11am-12pm
Déan Scannán ar d’Fhón Póca; Ceardlann le Createschool Ón nóiméad a bhíonn an smaoineamh agat go dtí go bhfuil físeán iontach á roinnt agat le do chairde, sa ‘bhlascheardlann’ seo atá á reáchtáil ag Createschool, rachaidh tú tríd na céimeanna ar bhealach spraoiúil, teagmhálach Leabharlann Bhaile Brigín10am-12pm, Leabharlann Mhullach Íde 2pm-4pm