Portmarnock

15 Nov 2019
Sports

O’Doherty ag díriú ar Chraobh Domhanda na Scuaise

Tar éis di Craobh na hEorpa a bhaint amach tá an t-imreoir scuaise Orla O'Doherty arb as Port Mearnóg di ag díriú anois ar chraobh domhanda a bhuachan ag an gComórtas Domhanda sa Pholainn an bhliain seo chugainn.

12 Nov 2019
Economic Monitor

Cuirtear seoladh a 19ú heagrán de Mhonatóir Geilleagrach Bhaile Átha Cliath ar siúl i gComhairle Contae Fhine Gall

Cuirtear seoladh an 19ú heagrán de Mhonatóir Geilleagrach Bhaile Átha Cliath ar siúl i gComhairle Contae Fhine Gall, áit ar nochtadh go bhfuil lánfhostaíocht beagnach bainte amach ag an bpríomhchathair, agus gur baineadh na leibhéil ab airde riamh amach i limistéir an airgeadais, an árachais agus gníomhaíochtaí eastáit réadaigh, agus go dtacaíonn athlonnú Brexit leo.

14 Nov 2022
Social Inclusion

Seachtain an Chuimsithe Fhine Gall

Is tionscnamh é Seachtain Chuimsithe Fhine Gall 2022 faoi stiúir Chomhairle Contae Fhine Gall agus Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Fhine Gall (an PPN). 

Thart ar 100 imeacht á reáchtáil ar fud Chontae Fhine Gall idir Dé Luain an 14 Samhain go dtí Dé Domhnaigh an 20 Samhain. Tá gach uile imeacht de chuid Sheachtain Chuimsithe Fhine Gall saor in aisce agus oscailte do chách.
Téigh chuig https://fingalppn.ie/fingalinclusionweek/ le haghaidh tuilleadh eolais.

25 Oct 2019
Sports

Imirt den scoth ag an gCorn Ómóis

Ghlac cúig scoil déag ó cheantar Bhaile Átha Cliath 15 páirt i gCorn Ómóis Futsal na mBunscoileanna de chuid FAI/Chomhairle Contae Fhine Gall i Lárionad Spóirt na Coirre Duibhe Dé Céadaoin an 23 Deireadh Fómhair.

22 Oct 2019
Boiled Water Notice

Fógra Fiuchadh Uisce eisithe ag Uisce Éireann d’Fhine Gall

 

I ndiaidh dóibh dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tá Fógra Fiuchadh Uisce eisithe ag Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall le sláinte custaiméirí a ndéanann Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin soláthar orthu a chosaint.

 

 Tá an GCC curtha ar an eolas faoi.