Fáiltíonn Comhairle Contae Fhine Gall roimh thograí ó Ealaíontóirí agus Cleachtóirí Cruthaitheacha leis an aidhm tionscadail ealaíne a fhorbairt agus a sheachadadh do leanaí agus/nó do dhaoine óga do Chruinniú na nÓg 2022.
Beidh an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh, 3 Aibreán. Is é seo an 26ú daonáireamh a bheidh á reáchtáil ón mbliain 1841.
Tá an daonáireamh ar cheann de na bearta is tábhachtaí sa tír. Tá sé tábhachtach duitse, do do theaghlach, do thuismitheoirí agus do leanaí, do phobal áitiúil, do chontae, do réigiún agus do do thír féin.
Is mian le Comhairle Contae Fhine Gall a chur in iúl go bhfuil obair fhairsing le tosú ar Pháirc Bhaile an Phóirtéaraigh i mBaile Átha Cliath 15 ó Dé Luain an 4 Aibreán mar chuid de chlár na comhairle um áiseanna sa cheantar a uasghrádú.
Fingal County Council has unveiled a new 10-year strategy it hopes will help boost the number of trees across north Dublin and ensure that Ireland’s youngest county is left in a better state when it is handed over to future generations.
Mar chuid de chlár Comóradh 2018-2023 Chomhairle Contae Fhine Gall, tá taispeántas agus físeán curtha le chéile ag Leabharlanna Fhine Gall le tacaíocht ó Éirinn Cruthaitheach ina ndéantar iniúchadh ar stair thram Chnoc Bhinn Éadair.
Tá príomhshuímh i bhFine Gall mar chuid de Chosán Cósta nua Bhaile Átha Cliath a seoladh inniu a forbraíodh chun cabhrú le gnóthaí turasóireachta feadh an chósta agus stair shaibhir agus beogacht bhailte cois cósta Bhaile Átha Cliath a chur chun cinn.
Sheachaid Cumann Peile Bhaile Brigín an dara blitzchomórtas de chuid Prosper Fhine Gall Dé Máirt 15 Márta le foirne ó Prosper na Sceirí, Prosper Sord, Prosper Baile Brigín agus comhfhoireann Prosper ó Bhinn Éadair ionadaíocht ag club sraithe na hÉireann, Shelbourne.
Mar chuid de chur chun feidhme Straitéis Scileanna Fhine Gall, rinneadh suirbhé ar chuideachtaí tógála sa chontae chun eolas a bhailiú faoi riachtanais oiliúna agus uasoiliúna na hearnála in 2022.