Council

10 Mar 2021
Seachtain na Gaeilge

Ceol agus Craic leAntaine Ó Faracháin agus Nollaig MacCarthaigh

Bígí linn ar Zúm chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh le Antaine Ó Faracháin agus Nollaig Mac Cárthaigh in éineacht le Bernie Kelly Oifigeach Gaeilge.

Beidh ceol, craic agus amhránaíocht beo ar Zúm. Buail isteach ó 6.30 chun  caint linn agus chun go mbeimid réidh. Nasc do Zúm agus gach eolas ar fáil ó [email protected]  Nó ar Eventbrite anseo

13 Mar 2021
Seachtain na Gaeilge

Scéaltaí le Niall de Búrca

Seó don chlann uilig. Beir greim ar do shuíochán – tá Niall de Búrca ag filleadh go Leabharlanna Fhine Gall le haghaidh scéalaíocht dhátheangach do Sheachtain na Gaeilge. Is seanchaí é de Búrca, a bhfuil clú agus cáil air ar fud na tíre agus ar fud na cruinne. Tá an seó seo oiriúnach do gach aois. Is cuma cén caighdeán Gaeilge atá agat, cuirfidh de Búrca ionadh ar an gclann uilig lena scéaltaí den scoth! Mar a deireann an seanfhocal – níor bhris focal maith fiacal riamh!

Tuilleadh eolas agus ticéid ar Eventbrite: https://www.eventbrite.ie/e/snag21-bilingual-stories-with-niall-de-burca-tickets-137302006999

 

01 Mar 2021
Seachtain na Gaeilge

Ceardlann Cniotála Dhátheangach le Cleas Teoranta

Is cuideachta poiblí neamh bhrabúis iad Cleas Teoranta. Déanann siad go leor obair ina gceantar; mar shampla, ritheann siad seirbhís bus, fásann siad glasraí orgánacha, agus cuireann siad seirbhís aistriúcháin ar fáil agus eachtraí éagsúla ar siúl.

Le haghaidh Seachtain na Gaeilge, beidh Cleas Teoranta linn le haghaidh dhá cheardlann cniotála dhátheangach.

Ar fáil ar YouTube i Mí Márta / Available on YouTube in March.